writing_ie-logo

Need help with your book? Click here!
gerry-chaney-interviews-header

Magazine

Imram ag Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath

w-ie-small
Article by Cathal Póirtéir © 16 May 2014 .
Posted in the Magazine ( · Ag Scríobh ).
writing.ie

CEOL AGUS FILÍOCHT GO MAIDIN – Mór-oíche ceoil is filíochta

Dé Domhnaigh, Bealtaine 18 / 8pm Amharclann Smock Alley (Scoil na mBuachaillí)

€10 / €8

Cuirfidh IMRAM mórléiriú filíochta agus ceoil ar fáil, cuid den tallann úr ó ghort síorbhláfar na Gaeilge! Tá cur chuige éadrom fuinniúil ag an ngrúpa spleodrach MO HAT MO GHEANSAÍ agus dalbacht pop sa chur i láthair aige cé go dtarraingíonn sé as foinsí traidisiúnta agus clasaiceacha araon. Tá a chéad bhailiúchán díreach eisithe ag Marcus Mac Conghail, file abgus amhránaí.Ceol Baile is teideal dó.

Doireann Ní Ghríofa

Doireann Ní Ghríofa

Tá leochaileacht mhealltach i ndéantús an fhile Doireann Ní Ghriofa, croí leochaileach ag cuimilt leis an ngnáthshaol agus déanfar comóradh ar shaothar nua an fhile óig seo anocht.

Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis an bhfile rap Séamus Barra Ó Súilleabháin. Tá cáil dhomhanda arBhiddy Jenkinson ar ndóigh, na dánta léi ar maos le paisean is le greann. Leabhar nuafhoilsithe le Áine Ní Ghlinn is ea An Guth Baineann a bhfuil an-chaint cheana mar gheall air.

Is é Liam Carson, StiúrthóirIMRAM, coimeádaí an tionscadail áirithe seo.

Séamus Barra Ó Súilleabháin

Séamus Barra Ó Súilleabháin

 

 

 

 

 

 

 

 

DÍOLTAS NA CUIMHNE: TIONSCADAL MARINA TSVETAEVA 

Dé hAoine Bealtaine 23 / 8pm, Amharclann Smock Alley Theatre (Scoil na mBuachaillí) €10 / €8

Ba i Ré Airgid litríocht na Rúise a bhláthaigh Marina Tsvetaeva (!922-1941). Le linn Réabhlóid na Rúise a mhair sí agus a scríobh sí agus ina dhiaidh sin le linn Ghorta Mhoscó, an gorta ba thrúig bháis dá hiníon, Irina. Chuaigh sí féin agus a fear céile Sergei Efron ar deoraíocht agus nuair a d’fhill siad ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh tréas i leith Sergei agus cuireadh chun báis é; cuireadh a n-iníon Alya chuig campa oibre éigeantais. Sa bhliain 1941 agus arm na Gearmáine ag réabadh rompu sa Rúis, chroch sí í féin.

Dairena Ní Chinnéide agus Steve Cooney

Dairena Ní Chinnéide agus Steve Cooney

Tá paisean fíochmhar go smior ina cuid filíochta agus patrúin cheoil phreabarnacha. Léifidh Elaine Feinstein, duine de na sáraistritheoirí atá aici, leaganacha Béarla anocht agus cloisfear leaganacha Gaeilge ón Duibhneach dílis, Dairena Ní Chinnéide, draoithe ceoil á dtionclacan, Steve Cooney (giotár), Seán Mac Erlaine (sacsafón, cláirnéid,leictreonaic) móide íomhánna is grianghraif chartlainne ar scáilean le Margaret Lonergan a bhainfidh an anáil dínn.

Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, coiméadaí an tionscadail seo.

 


Read Post chronologically.