writing_ie-logo

Bord Gais Energy Donate a Library
gerry-chaney-interviews-header

Magazine

Litríocht ar Fud an Domhain

w-ie-small
Article by Cathal Póirtéir © 14 February 2014 .
Posted in the Magazine ( · Ag Scríobh ).
writing.ie

Beidh MORLÉAMH IMRAM: Dé hAoine 21ú Feabhra, 8.00 i.n, Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath1 mar chuid den chomhdháil ‘Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: cruthú, caomhnú, agus seachadadh téacsanna Gaeilge i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta’. Cead isteach; saor in aisce.

Filíocht le LIAM Ó MUIRTHILE, AILBHE NÍ GHEARBHUIGH agus GABRIEL ROSENSTOCK.

Ceol le COLM Ó SNODAIGH

Íomhánna le MARGARET LONERGAN

Ba mhinic an fhilíocht ina cuisle trí phrós Kerouac ach is sa haiku is gléine an guth fileata aige. D’fhéadfá a rá gur shaor gontacht lom shnoite an haiku é ó bheith ina Jack Kerouac. Is é an rud a lorg sé agus a d’aimsigh sé sa haiku ná dúchas an Bhúda, is é sin a bheith gan ego.

Is Gabriel Rosenstock doyen an haiku in Éirinn agus duine a bhfuil na mílte haiku aistrithe aige i gcaitheamh na mblianta. Is maith mar a thuigeann sé an tuiscint a bhí ag Kerouac don domhan seo mar chlós súgartha ag taibhsí – agus is deas mar a aimsíonn sé an focal ceart, an nath cuí is an rithim a theastaíonn chun áilleacht na haiku seo a nochtadh dúinn sa Ghaeilge. Dála Kerouac féin, cuireann Rosenstock na haiku seo ag canadh dúinn.

‘Gadaí na tine, dá réir sin, cinnte, é an file. Tá sé freagrach as an gcine daonna, as ainmhithe fiú; caithfidh sé a dheimhniú go mbeifear in ann a chuid aislingí a bholú, a mhuirniú agus go n-éistfear leo; má tá foirm ag an méid a thugann sé leis ón alltar, tugann sé foirm dó; mura bhfuil, ní thugann puinn foirme dó. Caithfear teacht ar theanga … an anama ar son an anama agus cuimseoidh sí an uile ní: cumhrachtaí, fuaimeanna, dathanna, smaointe i ngleic le smaointe.’

Is mar sin a scríobh Arthur Rimbaud, an file Fraincise is iomráití riamh, seans. Bhí Siombalaithe, Dadaithe agus Osréalaithe faoina anáil. Scríbhneoirí a tháinig ina dhiaidh, ghlac siad le cuid dá chuid téamaí agus anuas air sin ghlac siad chucu féin an leas ar leith a bhain sé as foirm is friotal. Anocht léifidh Liam Ó Muirthile leaganacha Gaeilge de Illuminations (1874).

An chathair istoíche: claochlú. Sráideanna a bhí tréigthe cuireann rithimí an cheoil beocht iontu arís; sráideanna eile a bhí plódaithe le hoibrithe oifige tamall gearr ó shin, iad ina dtost anois. Déantar rud álainn den rud a bhí gránna; tugann an bháisteach sciomradh do na sráideanna chun go ndamhsódh an solas orthu. Méadaítear ar an nglór agus scaiptear macalla na mbonnán. Bíonn an oíche ag glaoch chun na samhlaíochta sa tslí go mbaintear síneadh as scáileanna agus cruthaítear púcaí ag solas ón stáisiún peitril nó ó shiopa an chúinne. Tá cur síos déanta ag Livia Brennan ar fhilíocht Ailbhe Ní Ghearbhuigh mar fhilíocht a bhaineann sásamh as an saol uirbeach agus an fuinneamh plódaithe is an míbhinneas a fhaightear ann. Anocht léifidh sí sraith dánta faoi Bhaile Átha Cliath faoi scáth na hoíche.

Tionlacan ceoil le Colm Ó Snodaigh agus íomhánna le Margaret Lonergan.

Tuilleadh eolais http://www.spd.dcu.ie/site/gaeilge/comhdhail2014.shtml

 


Read Post chronologically.