writing_ie-logo

Red Line Book Festival October 14th-19th 2014
gerry-chaney-interviews-header

Magazine

Seoladh ‘Dúil’ le Liam Ó Flaithearta

w-ie-small
Article by Cathal Póirtéir © 28 August 2013 .
Posted in the Magazine ( · Ag Scríobh ).
writing.ie

‘Dúil & Scéalta Eile’ agus an dráma ‘Dorchadas’ le Liam Ó Flaithearta le seoladh ag Scoil Samhraidh Liam & Tom Ó Flaithearta in Árainn.

Tá an sár-leabhar Dúil agus Scéalta Eile le Liam Ó Flaithearta a d’fhoilsigh Sáirséal & Dill den chéaduair i 1953, curtha i gcló arís ag Cló Iar-Chonnacht. Sheol Fionnghuala Ní Choncheanainn an t-athchló ag an gcéad scoil samhraidh de chuid Cumann Liam & Tom Ó Flaithearta ar an Satharn, 24 Lúnasa i Kilmurvey House, Cill Mhuirbhigh, Árainn.

Ba é Dúil agus Scéalta Eile an t-aon bhailiúchán i nGaeilge a scríobh Liam Ó Flaithearta. Fuair an leabhar drochléirmheasanna nuair a foilsíodh é agus creidtear nach raibh mórán misnigh ag Ó Flaithearta a bheith ag scríobh trí Ghaeilge ina dhiaidh sin. Beag beann ar léirmheasanna tá an bailiúchán scéalta seo tugtha chucu ag léitheoirí na Gaeilge leis na glúine. Tá áit i gcanóin na hÉireann agus i gcroíthe na ndaoine aimsithe ag na scéalta cumasacha seo, ó ‘Dúil’ go ‘Bás na Bó’ go ‘Díoltas’.

Seolfar Dúil agus Scéalta Eile i ndiaidh léachta le Brian Ó Conchubhair, Ollamh Cúnta i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, ar shaol agus ar shaothar Liam Uí Fhlaithearta a thosóidh ag meán-lae. Seolfar foilseachán den dráma Dorchadas le Liam Ó Flaithearta, a bhí ligthe i ndearmad le fada an lá, ag an ócáid chomh maith. Tá leagan i nGaeilge agus i mBéarla, faoin teideal The Darkness, curtha i gcló ag Arlen House le réamhfhocal le Brian Ó Conchubhair.
Scoil Samhraidh Liam & Tom Ó Flaithearta
Ag teacht sna sála ar athfhoilsiú The House of Gold (Nuascéalta 2013) le Liam Ó Flaithearta a bhí an chéad Scoil Samhraidh de chuid Cumann Liam & Tom Ó Flaithearta á reáchtáil. Ba é The House of Gold an chéad leabhar ar chuir Saorstát Éireann cosc air agus bhí sé as cló ó 1930. Bhí clár na scoile lomlán le siúlóidí, cainteanna, seoltaí leabhar agus taispeáint scannáin. I gcroílár na n-imeachtaí  bhí an bheirt scoth-scríbhneoirí á dtabhairt chun cuimhne arís agus á gceiliúradh. Deartháireacha iad beirt, gníomhaithe polaitiúla, Cumannaithe go deimhin, a rugadh is a tógadh ar oileán Árainn. Eolas le fáil ar leathanach Facebook an Liam & Tom O’Flaherty Society agus ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht sa rannóg nuachta.

 

 

 


Read Post chronologically.