• www.inkitt.com

An Chéad Ghiolcdhráma Riamh!

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Giolcdhráma de Cré na Cille ar Twitter

Beidh scéal Chré na Cille ag dul amach beo ar Twitter ón gCéadaoin 12 Nollag ar aghaidh. Bunaithe ar script an leagan scannáin a léirigh an comhlacht léiriúcháin, ROSG, beidh 23 carachtar san iomlán ‘beo’ ar Twitter agus é ag dul amach go laethiúil thar cúpla seachtaine.

Craolfar an scannán aitheanta Cré na Cille mar chuid de sceideal na Nollag TG4 Dé Sathairn 15 Nollag. Dá dhroim, agus den chéad uair do dhráma Gaelach a bheith ar Twitter, tá na carachtair anois cláraithe air agus réidh chun scéal an leabhar iomráiteach a chur faoi bhráid lucht Twitter.

Cé gur foilsíodh an leabhar den chéad uair i 1949, am nach raibh ríomhairí gan trácht ar na meáin shóisialta, tá comhchosúlacht idir caint Chré na Cille agus stíl chumarsáide Twitter – idir shúgradh agus dáiríre, naimhdeas agus ghrá agus iad fite fuaite lena chéile. Giolcaireacht Twitter gan stad gan staonadh agus gan suaimhneas ar bith ón gcabaireacht chainte ó lucht Chré na Cille.

Ní gá a bheith cláraithe ar Twitter chun an dráma a leanúint. Níl le déanamh ach an ‘liosta’ Cré na Cille a leanúint: https://twitter.com/CrenaCille/cr%C3%A9-na-cille
Nó do dhaoine atá cláraithe ar Twitter, is féidir an scéal ar fad a leanúint ar an haischlib #CrénaCille

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry