An Cúigear Cróga
Aistriúcháin go Gaeilge le Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg ar bhunghearrscéalta de chuid Enid Blyton ón tsraith The Famous Five agus léaráidí nua lándaite le Jamie Littler.
Cheithre leabhar nua sa tsraith An Cúigear Cróga á seoladh. Ocht leabhar uilig atá ar fáil sa tsraith anois i nGaeilge.
Nuair a Lean Timmy an Cat, Aistrithe ag Máirín Ní Ghadhra
Tá an Cúigear ar an mbealach go dtí an phictiúrlann nuair a fheiceann Timmy cat agus as go brách leis ina dhiaidh. Leanann an Cúigear é chomh fada le teach folamh. Ach an bhfuil sé folamh? Mar tá fuaimeanna aisteacha le cloisteáil taobh istigh. Bun-ghearrscéal de chuid Enid Blyton le léaráidí úrnua lándaite le Jamie Littler.
An Cúigear Cróga: Nollaig Shona, a Chúigir, Aistrithe ag Gormfhlaith Ní Thuairisg
Oíche Nollag í agus tá an Cúigear ar bís. Ach nuair a thosaíonn Timmy ag tafann in ard a ghutha, cuirtear amach é agus tugtar deis do ghadaí teacht isteach agus na bronntanais a ghoid! An éireoidh le Timmy cúrsaí a chur ina gceart?
Maith Sibh, a Chúigir Chróga, Aistrithe ag Máirín Ní Ghadhra
Tá capall rás cáiliúil á thraenáil in Kirrin. Ach nuair a imíonn an capall chun scaoill, ní mór don Chúigear Cróga bheith ar a n-aire nó d’fheadfaí go rachadh an capall amú nó go ngortófaí é! Tá chuile rud ag brath orthu!
An Cúigear Cróga: Cúigear i bronco, Aistrithe ag Gormfhlaith Ní Thuairisg
Nuair a fheiceann George solas ar OIleán Kirrin i lár na hoíche, tá a fhios aici go bhfuil daoine ar an oileán – a hoileán príobháideach féin – gan chead! Ach cé hiad na cuairteoirí seo agus cén fáth a bhfuil siad ann?
Cló Iar-Chonnacht, 88 lch, Bog, €7