• www.inkwellwriters.ie

An Fhéile Bheag Filíochta

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

 Tionólfar an 9ú Féile Bheag Filíochta ar an mBuailtín, Baile an Fhirtéirigh, Co Chiarraí, ar Aoine 6ú Samhain agus rithfidh sí feadh an deireadh seachtaine. Is deacair a chreidiúint go bhfuil an fhéile seo ag rith chomh fada san agus níl sí chomh beag mar fhéile a thuilleadh ach oiread, ach ag fás léi ó bhliain go bliain, le daoine ag teacht ó chian is ó chóngar. ‘Sé is mó is cuis leis an bhfás leanúnach seo, is dócha, ná an t-atmaisféar cairdiúil neamhfhoirméalta a bhaineann leis an réimse leathan imeachtaí i gcónaí, idir léamhanna, ceardlanna, scannáin, ceol, siúlóidí agus craic.

“Tá an Fhéile Bheag Filíochta ar cheann den mbeagán imeachtaí filíochta a dhéanainn iarracht dáiríre fós ceangal a chothú is a bhuanú idir fhilí Bhéarla agus filí Ghaolainne na hÉireann,” a deir Simon Ó Faoláin, Stiúrthóir na féile.

Dairena Ní Chinnéide agus Steve Cooney
Dairena Ní Chinnéide agus Steve Cooney

I mbliana beidh téama an scríbhneora dátheangach go mór sa treis. Beidh an Fhéile á oscailt tráthnóna Aoine ag mórfhile dátheangach Chorca Dhuibhne, Dairena Ní Chinnéide, agus ina dhiaidh san beidh léacht ar na scríbhneoirí dátheangacha Pádraig Mac Phiarais agus Mícheál Ó hAirtnéide ón nDochtúir Róisín Ní Ghairbhí. Ansan beidh Helen Ní Shé ag seoladh leabhair nua le banfhile mhór Dhuibhneach eile, Bríd Ní Mhóráin.

Ar an Satharn beidh léamhanna agus ceardlainn filíochta leis na haoi-fhilí Theo Dorgan agus Mícheál Ó Ruairc. Beidh ceolchoirm na féile in Ionad an Bhlascaoid tráthnóna Shathairn mar a bheidh ‘Mo Pheann ag Rince’, seó IMRAM ag tarraingt ar fhilíóchta agus dialainn Sheáin Uí Ríordáin, á cur i láthair ag Liam Ó Muirthile agus Louis de Paor, le tionlacan ceoil ó Enda Reilly. Agus, dar ndóigh, beidh mór-léamhanna oscailte in áiteanna éagsúla ar an mBuailtín oíche Aoine agus Shathairn, agus an ceann deiridh i Sáipéilín na mBan Rialta sa Díseart maidin Domhnaigh, le ceol cruite ó Dheirdre Ní Ghrainbhéil. Bígí linn chun léamh nó díreach chun é isteacht: Beidh na muartha fáilte romhat!

www.feilebheagfiliochta.com

 

 

 

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com
  • Behind the Bestseller podcast

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Keep Your Eyes on Me by Sam Blake
  • Save the Cat: The Only Book on Screenwriting You'll Ever Need
  • Now and Then by Mary O'Sullivan