• www.inkwellwriters.ie

An Glaoch Deireannach

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá dhá ionad fágtha ar an gceardlann scríbhneoireachta lae Gaeilge, Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, Luan Cásca, 1 Aibreán 2013 , 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.

Stiúrthóirí:  Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí;  Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA. I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.

Beidh Léamh Filíochta leis an bhfile aitheanta Paddy Bushe, oíche Dé Luain ag 8.30p.m. agus ceol le Dáithí Ó hÉigeartaigh, píb uilleann i Lios Beag san Óstán Meadowlands. Saorchead isteach. Fáilte roimh mhuintir na Gaeilge.

Cuirtear an t-ábhar a bheidh le plé chugam ag feasta@eircom.net faoin 24 Márta –

ba mhaith go mbeadh seachtain ag gach éinne chun an t-ábhar a léamh roimh ré.

Cabhraíonn sin go mór leis an bplé ar an lá. Is cóir na saothair atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 24 Márta, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimh ré ag gach duine, ar mhaithe le cur leis an bplé ar an lá.

Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Tá lón ag 1.00p.m. agus an léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille.  Urraithe ag Foras na Gaeilge. Eolas breise: feasta@eircom.net

Lóistín ar fáil ag an Óstán Meadowlands ach teagmháil a dhéanamh le 066 718 0444 agus info@meadowlands-hotel.com Suíomh: www.meadowlands-hotel.com

Pádraig Mac Fhearghusa, eagraí 087 290 1154 & 066 71 24169

 

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • None Stood Taller by Peter Turnham