• www.inkwellwriters.ie

An Léamh Raidiceach

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá cúrsaí staire agus cúrsaí Gaeilge fite fuaite le chéile i ndá leabhar a d’fhoilsigh Coiscéim i mbéal na Nollag: An Barr Bua de chuid an Phiarsaigh, cóirithe ag Aindrias Ó Cathasaigh, agus Garret Fitzgerald agus Paddy Hillery (beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn) le Maolsheachlainn Ó Caollaí.

Léanann Aindrias dá chuid oibre i ngort na réabhlóide leis an imleabhar is úire seo uaidh ar scríbhinní an Phiarsaigh. Le blianta anuas tá taighde déanta aige agus leabhair Ghaeilge foilsithe ag Ó Cathasaigh ar smaointeoirí móra raidiceacha, Séamus Ó Conghaile agus Máirtín Ó Cadhain in Éirinn, agus Engles agus Marx i measc na radacach domhanda.

San imleabhar seo tugann sé le chéile scríbhinní ón nuachtán seachtainiúil Gaeilge An Barr Buadh, a bhunaigh Padraic Mac Piarais (16 Márta 1912) lena chuid smaointe polaitiúla féin a fhoilsiú. Nuachtán a ba é nár foilsíodh ach aon eagrán déag de agus theip air de bharr fiacha. Ba é an Piarasach a scríobh dhá thrian den nuachtán a thugann, de bharr sin, léargas ar a mhodh smaointeoireachta le linn na tréimhse sin nuair a bhí sé ag tacú leis an fheachtas leis an bhille do Rialtas dúchais agus ag bagairt réabhlóide dá dteipfeadh air. Ba sa nuachtán An Barr Buadh a chuir sé Mise Éire i gcló den chéad uair.

Pléann an foilseachán eile de chuid Coiscéim le cúrsaí níos cóngraí don lá atá inniu ann. Is iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge é Maolsheachlainn Ó Caollaí a bhí sáite san fheachtas agus sa chonspóid a bhain le hÉíre ag dul isteach san EEC den chead uair. I measc na gcúiseanna a bhí ag Ó Caollaí agus a chomhghleacaithe dul i gcoinne an chinnidh seo bhí an dochar a dhéanfadh sé do sheasamh na Gaeilge. Sa leabhar seo, cuireann sé an locht ar bheirt de pholaiteoirí móra ár linne Garret Fitzgerald (iar-aire agus iar-Thaoiseach)agus Paddy Hillary (iar-aire agus iar-Uachtarán na hÉireann).

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!