• www.inkitt.com

Ar Cuairt @ Cúirt 2013

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Beidh scríbhneoirí Gaeilge páirteach i roinnt imeachtaí ag Cúirt 2013 i gceann cúpla seachtaine. Beidh beirt aa fhoilsíonn Cló Iar-Chonnacht le feiceáil ag imeachtaí i rith na féile Cúirt atá le bheith sa Ghaillimh an tseachtain dheireanach den mhí seo.

Jackie Mac Donncha & Maidhc Dainín Ó Sé, Déardaoin 25 Aibreán @ 6.30pm i Kelly’s Bar ar Bridge Street agus Cúirt Literary Brunch, Vina Mara, Dé Domhnaigh, 28 Aibreán @ 12 meánlae: Micheál Ó Conghaile ag léamh a shaothar i mBéarla ón leabhar The Colours of Man ina bhfuil aistriúcháin go Béarla ar ghlac dá chuid scéalta. Ag cur saothar i láthair freisin beidh na scríbhneoirí, Celeste Augé agus Martin Dyar

Jackie Mac Donncha
Jackie Mac Donncha

Scríobhann Jackie Mac Donncha agus Maidhc Dainín Ó Sé ó dhearcadh an té atá ar an imeall go minic. Cé go bhfuil go leor difríochtaí idir stíleanna na beirte seo, tarraingíonn siad ón tobar céanna ar bhealaí go leor ó thaobh ábhair de.

Ina leabhar, Aileach, thug Jackie aghaidh ar scéal mná a d’imigh go Meiriceá sna tríochaidí agus í ag éalú ón náire sa mbaile mar go raibh páiste aici gan í pósta. Thug sé glór agus pearsanú sa leabhar do na mílte mná a bhí coinnithe ar imeall an tsochaí in Éirinn leis na blianta. D’fhill sé ar an ngort sin sa chnuasach is deireanaí uaidh, Bróga Johnny Thomáis, leabhar a osclaíonn le scéal fir a chaith a shaol ag obair i Sasana is atá anois titithe idir dhá stól, níl áit dhó sa mbaile agus níl áit dhó sa tír inar chaith sé formhór a shaoil ach an oiread.

Taithí an té ar an imeall atá faoi chaibidil ag Maidhc Dainín Ó Sé go minic freisin. An leabhar is cáiliúla leis, is dócha, ná A Thig Ná Tit Orm, atá ar churaclam na hardteiste. Pléann sé seo lena óige ag fás aníos i gCorca Dhuibhne agus ina dhiaidh sin a thaithí mar imirceach i Sasana agus i Meiriceá. Is iomaí leabhar próis agus filíochta atá foilsithe leis ó shin. Tá cáil air mar cheoltóir freisin agus dúirt go mbeidh dreas ceol á sheinm aige freisin.

Mícheál Ó Conghaile
Mícheál Ó Conghaile

Tá Micheál Ó Conghaile ar dhuine de na gearrscéalaithe is cumasaí agus is sainiúla atá ag scríobh i nGaeilge sa lá atá inniu ann. Tugann an bailiúchán, The Colours of Man, a mbeidh sé ag léamh as ag an Cúirt Literary Brunch deis don léitheoir Béarla scóip is raon a chuid scríbhneoireachta a bhlaiseadh. Seacht gcinn déag de scéalta atá sa leabhar seo agus iad roghnaithe go cúramach as saothar sé bliana fichead i mbun pinn.

Fosta, beidh imeacht faoin Drochshaol in Éirinn ann tráthnóna Dé Domhnaigh 28 Aibreáin i gCnoc Suain, an Spidéal, ina mbeidh cuid de na scríbhneoirí ó The Atlas of the Great Irish Famine páirteach. Beidh an t-eagarthóir Willie Smyth ag tabhairt leargais leathan ar an drochshaol; an craoltóir Cathal Póirtéir ag plé le cúrsaí béaloidis agus an drochshaol agus an t-amhránaí Áine Ní Dhroighneáin i gabháil fhoinn a bhaineann leis an téama.

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • None Stood Taller by Peter Turnham