Tá seanscéalta, amhráin agus seanfhocail ó Thír Eoghain le léamh i Sgéalta Mhuintir Luinigh chomh maith le nótaí ar chanúint Gaeilge Thír Eoghain. Is amhlaidh go bhfuil teanga dhúchais ár sinsir caomhnaithe i Sgéalta Mhuintir Luinigh. Sin ceann de na gnéithe is luachmhaire sa bhailiúchán seanchais seo. Is í Comhairle Bhéaloideas Éireann na foilsitheoirí den athfhoilsiú de Sgéalta Mhuinitir Luinigh. Is féidir an foilseachán seo a cheannach ón suíomh www.comhairlebheal.ie nó www.fourcourtspress.ie.
An tOllamh emeritus Séamus Mac Mathúna as Ollscoil Uladh a dhéanfas an t-athfhoilseachán seo a chur faoi lán seoil. Oíche mhór Ghaelach a bheas ann. Cuirfear ceol, sóláistí agus siamsaíocht ar fáil. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh gach aon duine. Tuilleadh eolais ó kevin.goodwin@fermanaghomagh.com nó teil 028 82256220.