• www.inkitt.com

Cairtleabhair Nua do Pháistí ag Futa Fata

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá ríméad ar Futa Fata an chéad leabhar de shraith nua a chur faoi bhráid léitheoirí óga agus a dtuismitheoirí.  Bunsraith nua cairtleabhar atá sa tsraith seo atá oiriúnach do naíonáin agus páistí réamhscoile.  Sa chéad leabhar – Cá bhfuil Teidí?  tá a teidí beag caillte ag Dainín agus sa darna leabhar  Cloisim rud éigin! tá Dainín ag cloisteáil go leor torann nua!Cloisim rud éigin

Sé Tadhg Mac Dhonnagáin a bhunaigh an comhlacht Futa Fata.  Tá rogha leathan ábhar scríofa aige thar na mblianta do chuile aoisghrúpa.  Is ceoltóir é freisin agus sé a thug beocht agus beatha do shean-rannta na Gaeilge leis an dlúthdhiosca Gugalaí Gug!,  Togra a bhain diosca óir amach i 2011.

Aithneoidh cairde Futa Fata stíl Steve Simpson ar an tsraith seo.  Tá go leor oibre déanta ag Steve leis an gcomhlact agus tá áilleacht agus anamúlacht a chuid oibre le feiceáil arís sna leabhair áille seo.

Tá breis agus 70 leabhar foilsithe ag Futa Fata, ina measc, rogha leathan bunleabhar, chomh maith le réimse leabhar ardchaighdeáin atá aistrithe ó theangacha eile, do leitheoirí na hÉireann agus na Gaeilge.  Tá leabhair de chuid Futa Fata foilsithe thar lear chomh maith sa tSín, sa Choiré, sa Fhrainc agus in Albain.

Leabhar nua ó Futa Fata
Leabhar nua ó Futa Fata

Dainín – Cá bhfuil Teidí agus Cloisim rud éigin! ar fáil is siopaí agus leabharlannaí anois ar €6.95.

 

 

About the author

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do