• www.inkitt.com

Ceiliúradh ar Fhilíocht Uí Mhuirthile

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
woodcuttings
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Beidh ócáid mhór litríochta agus ceoil san eaglais Úinitéireach Dé hAoine 8 Feabhra nuair a sheolfaidh Cois Life leabhar tábhachtach filíochta, Fuíoll Feá – Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile.

Tá cáil ar Ó Muirthile as feabhas a shaothair filíochta agus próis le dhá scór bliain. Tháinig sé chun tosaigh i dtosach mar dhuine de phríomh-fhilí na glúine sin i gCorcaigh a d’fhoilsigh a gcuid filíochta ar Innti. Ó shin tá ard-chaighdeán bainte amach aige ina chuid filíochta, úrscéalta, drámaí agus iriseoireachta. Fágann sé é ar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla ar fad é i ngort na litríochta in Éirinn. Bíonn tnúth i gcónaí lena chéad leabhar eile.

Is bailiúchán ann féin é Fuíoll Feá, a bhuaigh duais Oireachtais dó i 2012, ina bhfuil breis agus leathchéad dán úrnua. Tá sé anseo mar aon le rogha as na bailiúcháin go léir dá chuid le tríocha bliain anuas. Míníonn an teideal Béarla den taisce dhá-theangach seo go soiléir nach rogha as na sean-bhailiúcháin amháin atá anseo: Wood Cuttings – New and Selected Poems.

Ar  oíche a sheolta, beidh cuid de na bun-dánta as Fuíoll Feá á léamh ag Liam Ó Muirthile féin agus aistriúcháin orthu ag Gabriel Rosenstock. Idir na míreanna filíochta beidh ceiliúradh ceoil den scoth, ón phíobaire Peter Browne, ón fhidléir Caoimhín Ó Raghallaigh agus ón amhránaí Iarla Ó Lionáird. Beidh filíocht agus ceol gan sarú ann agus deis ag lucht léitheoireachta na filíochta a dtacaíocht don mhórshaothar seo a gus don fhile a léiriú ag an ócáid. Beidh an file ar fáil le cóipeanna den leabhar a shíniú dá chuid léitheoirí.

Tá filíocht Uí Mhuirthile aistrithe i bhFuíoll Feá/Wood Cuttings  go Béarla ag aon scríbhneoir déag eile. Is é Gabriel Rosenstock an príomh-aistritheoir agus ina chuideachta sin tá Greg Delanty, Ciaran Carson, Peter Sirr, Caoimhín Mac Giolla Léith, Bernard O’Donoghue, Dermot Bolger, Con Daly, Philip Casey, Paul Muldoon agus Eoghan Ó hAnluain.

Do lucht léite an Bhéarla, beidh léargas cuimsitheach acu den chéad uair ar shaothar Uí Mhuirthile, duine de mhór-scríbhneoirí Gaeilge ár linne a raibh siad dall agus bodhar air, cuid mhór, go dtí seo. Bheadh súil go gcuirfidh na haistriúchán atá anseo feabhas a shaothair os comhair pobal na filíochta in Éirinn agus thar lear.

Téann na dánta siar go dtí an chéad bhailiúchán de chuid Uí Mhuirthile, Tine Cnámh (1984), agus tá rogha déanta as na bailiúcháin eile Dialann Bóthair (1992), Walking Time (1999)agus Sanas (2007), chomh maith le dánta as na bailiúcháin do dhaoine óga, An Seileitleán agus véarsaí seilí eile (2004) agus Dánta Déanta (2006)  breis agus 50 dán nua i bhFuíoll Feá.

Cuireann an critic Caoimhín Mac Giolla Léith réamhrá leis an leabhar 500 leathanach seo a chuireann saothar Uí Mhuirthile inár láthair lena chomharthaí sóirt, an íomhá shonrach, an chuimhne, an chlann, an oidhreacht, an grá, an timpeallacht, Dún Chaoin agus Corcaigh. Mar aon le tionchar na litríochta Fraincise agus Spáinnise, cúrsaí teanga agus fealsúnachta ón domhain thoir agus thiar.

Tá saothar anseo a bhainfidh deor asat ó am go chéile, gáire anois is arís agus a thabharfaidh lón machnaimh duit ó thús go deireadh.

Is iontach go deo an margadh é agus tá buíochas tuillte ag Cois Life as Fuíoll Feá a chur ar fáil ar €20 do Leabhar snoite 550 leathanach seo agus CD san áireamh.

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • None Stood Taller by Peter Turnham