writing_ie-logo

  • www.inkwellwriters.ie
gerry-chaney-interviews-header

Magazine

Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin

w-ie-small
Article by Writing IE Admin © 11 April 2019 Réaltán Ní Leannáin .
Posted in the Magazine ( · Ag Scríobh ).

Mar seo a chuirim síos ar an phobal léitheoireachta a bhfuil mo chéad leabhar, ‘Turas Ailse’, dírithe orthu:

Síním mo lámha amach romham, fairsinge mhór aeir eadarthu, mar a bheinn ag tomhas faid.

‘Is cnuasach filíochta é,’

Cúngaím an fhairsinge idir mo dhá láimh.

‘i nGaeilge . . . ‘

Cúngaím an t-achar idir an dá láimh arís.

‘.. . faoin chóir leighis don ailse a cuireadh orm roinnt blianta ó shin.’

Níl fágtha idir mo lámha ach cúpla orlach.

Déanann daoine gáire, mar más fíor é tá sé greannmhar, leis. Ach briseann sé an tost míchompordach a bhíonn ann nuair a fhaigheann daoine amach gur as a leithéid de thaithí a d’eascair mo chéad leabhar.

Is ionann an focal  ‘turas’ saolré, ar ndóigh. Tá Aimsir Fháistineach bainteach leis. Turas saol gach duine. Is próiseas fáis é gach turas. Tagann tú abhaile ag deireadh turais. Tá dóchas snaidhmithe tríd an fhocal sin, mar thuras.

Is taifead é an cnuasach ar an tréimhse sin, cinnte, ach mar thoradh eile ar an turas áirithe sin,  thosaigh mé blag chomh maith, http://turasailse.blogspot.com/ . Tá sé beo beathaíoch i gcónaí. Chuir an scríobh rialta ar an bhlag le mo chumas scríbhneoireachta go mór.  Cleachtadh a ghní máistreacht. Leagann na hailt agus na leabhair uilig a chuireann síos ar cheird na scríbhneoireachta, leagann siad béim ar a bheith ag scríobh mar a dhéantaí vótáil sa bhaile i mBéal Feirste – go luath agus go minic. I mo chás-sa bhí sé seo fíor.

Chinn mé ar fhorbairt a dhéanamh ar mo chumas scríofa i ndáiríre. Mar sin, d’fhreastail mé ar ghrúpaí scríbhneoireachta, liostáil mé ar chúrsaí foirmeálta, d’fhreastail mé ar cheardlanna. Choinnigh mé leabhar nótaí. Scríobh mé ann agus mé ar an bhus, sa chaife, ar bhinse sa pháirc. Léigh mé. Scríobh mé. Rinne mé athscríobh. Ansin athdhreáchtú. Agus athdhréachtú eile, agus arís eile, agus arís . . .

Mar thoradh air seo ar fad a foilsíodh an cnuasach gearrscéalta, ‘Dílis’, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.  https://www.cic.ie/books/published-books/dilis

Fréamhaítear na scéalta i gcuimhní mo bhlianta mar dhéagóir i mBéal Feirste, mé ag fás aníos le linn na dTrioblóidí, na seachtóidí go háirithe. Is focal mór é ‘dílis’, focal saoithiúil.  Bímid dílis dár leannáin, dár gclanna, dár bpobal, dár dteanga, dár dtréibh. Tugann dílseacht féiniúlacht dúinn ach in amanna thig leis fadhbanna a chruthú chomh maith, ar ndóigh – go háirithe i mBéal Feirste.

Tá mé anois ag fanacht ar fhoilsiú mo chéad úrscéal, ‘Cití na gCártaí’, ag comhlacht Cois Life. Tá Cití fréamhaithe i gcuimhní chomh maith. Liostáil seanathair liom in Arm Shasana i 1914. Chinn sé  cuidiú le Féinriail a chur i gcrích, dar leis. Go tráthúil dó féin, chaith sé an chuid is mó den Chéad Chogadh Domhanda ag obair ar na hospidéil ar oileán Mhálta. Dá bhrí sin, cinnte, tháinig sé slán abhaile ag deireadh an chogaidh. Ach má tháinig, níor tháinig sé abhaile leis féin. Rinne sé cleamhnas le bean óg ón oileán, bean a tháinig anall go Béal Feirste lena phósadh chomh luath is a bhí an cogadh thart.  Ní raibh aithne dá laghad aici air sular phós siad. Lán dóchais agus í breá cróga, d’fhág sí a baile ar an oileán – an ghrian, na crainn liomóin, an aolchloch ghriandóite – agus tháinig sí go Béal Feirste. Seans go raibh sí ag súil leis an fhuacht, leis an spéir liath, leis an fhearthainn – ach bhí gnéithe eile den saol i mBéal Feirste sna blianta achrannacha sin a lean 1918 nach raibh súil dá laghad aici leo . . .

Díreach mar a tharlaíonn in  ‘Dílis’, is taithí na mban a ndírím aird air in ‘Cití’. Bíodh is gur thosaigh mé le cuimhní ar mo mháthair mhór, is bean di féin í Cití, carachtar inti féin.

Bhronn an Comhairle Ealaíon sparánacht orm a thug seans dom taighde a dhéanamh ar an chúlra don úrscéal. Thug mé cuairt ar Mhálta, ag iarraidh teacht ar eolas faoi shaol na mban ar an oileán ag an tréimhse sin. D’oscail an Aircív Náisiúnta a ndoirse dom. Léigh mé ailt i nuachtáin na mblianta sin, d’amharc mé ar ghrianghrafanna, léigh mé leabhair a bhí ina seilbh.

Tá Malti ina teanga oifigiúil ar an hoileáin, agus Béarla (ach ní bhíonn Béarla líofa ag achan duine ar na hoileáin). Ba mhaith mar a chuir mé aithne ar fhile a scríobhann i Malti, Rita Saliba, bhí sí thar a bheith fial lena cuid ama agus a cuid saineolais.

Bhí go leor le foghlaim ó bhéaloideas na n-oileán fá mhná agus an sochaí inar mhair siad.  D’úsáid mé seanfhocail Mhalti ag tús gach caibidil, i deireadh na dála. Mar shampla – Debba bla lġiem tisferra u tiġġarraf (Éalóidh an láir atá gan srian agus titfidh sí le haill). Cuirtear mná i gcomparáid le láir go minic. Is gá srian a choinneáil ar bhean, smacht a oibriú uirthi. Má chailleann sí a honóir (i. má luíonn sí le fear taobh amuigh den phósadh) tarraingneoidh sí náire uirthi féin agus ar a muintir. Díbreofar óna pobal í. Cén áit ar chuala mé é sin roimhe?

Chomhairligh agus chinntigh Rita Saliba an Malti síos tríd an téacs, a bhuíochas leis an sparánacht sin a luaigh mé. Anois, ní mór dom gabháil agus roinnt Malti a fhoghlaim mé féin – stopann ‘Cití’ i 1921. Tá ‘Cití #2’ le scríobh!

Agus na cártaí? Bhal, tuigfidh tú ar ball, nuair a léann tú an leabhar.

(c) Réaltán Ní Leannáin

Is Scríbhneoir Cónaithe 2019 í Réaltán Ní Leannáin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. I gcló, tá cnuasach filíochta aici TURAS AILSE, cnuasach gearrscéalta DÍLIS agus úrscéal CITÍ NA GCÁRTAÍ. Sonraí foilsitheoireachta agus cá bhfuil siad ar fáil maraon le saothar eile ar líne ar a blag http://turasailse.blogspot.com/ 

Tá sí ar Twitter  https://twitter.com/RealtanNiL

agus Facebook  https://www.facebook.com/Realtan2/

Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin

Úrscéal faoi bhean óg as Málta, Katarina, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Déantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm Shasana, Tomaí. Is as Béal Feirste dó agus é lonnaithe i Málta le linn an chogaidh, ach tá seisean ag dréim le hÉirinn aontaithe mar a gheall Redmond.
Leanaimid scéal Kati ó 1917 agus othair ag teacht go Málta de réir a chéile ó láithreacha an áir in Gallipoli, go dtí 1921 i mBéal Feirste, agus an pobal ann i ngreim na himpireachta. Nochtann léaspairtí ar leith chugainn ar shaol na mban.

https://www.coislife.ie/product/josefina/