• www.inkitt.com

Cúrsa lae gan mhoill

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Dé Domhnaigh seo (13 Eanáir, 2013) tá bunchúrsa do thosaitheoirí agus do streachailteoirí i Struchtúr agus Bunscil- eilimintí scríobh an ghearrscéil á eagrú in Áras na Scríbhneoirí faoi stiúir ag an scríbhneoir cumasach  Ré Ó Laighléis.

Deir an lucht eagraithe go dtabharfar aghaidh ar thuiscint na rannpháirtithe ar céard is gearrscéal ann agus ar shaothrú eilimintí an struchtúir, an phlota, na carachtrachta agus na stíle. Breathnófar leis ar ról agus úsáid na hinseoireachta agus an chomhrá mar fheithicilí i gcur i láthair an ghearrscéil.

Ná bí buartha mura bhfuil saothar neamhfhoilsithe faoi lathair. Ní bheidh an cúrsa fréamhaithe in aon ábhar atá réamhscríofa agus iarrtar ar na rannpháirtithe gan a leithéid a thabhairt chun na ceardlainne. Is saothrú ón tús atá i gceist seachas athshaothrú. Beidh an méid sin féin tarraingteach ag go leor ábhar scríbhneoirí.

Scríobhann Ré Ó Laighléis i nGaeilge agus i mBéarla agus tá go leor dá shaothair aistrithe go teangacha eile. Scríobhann sé don léitheoir óg, don déagléitheoir agus don léitheoir fásta, agus idir ghearrscéalta agus úrscéalta, idir dhrámaí agus obair don scáileán idir lámha aige. Tá mórchuid duaiseanna bronnta air dá shaothair, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tugann sé idir cheardlanna agus léamhanna anseo in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh. Tá sé ina stiúrthóir ar An Scríobhlann i mBaile Uí Bheacháin, Co. an Chláir – ionad traenála do scríbhneoirí, ar fochuid den teach foilsitheoireachta MÓINÍN é, áit a dhéanann sé cúrsaí sa ghearrscéal agus san úrscéal a dhearadh agus a theagasc.

Beidh an cheardlann ar siúil 10.30-4.30 agus costas €50 air (€45 do bhaill de chuid Áras na Scríbhneoirí).

Tuilleadh eolais www.writerscentre.ie

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • None Stood Taller by Peter Turnham