• www.inkitt.com

Duaiseanna móra fógraithe thiar

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Is iad Jackie Mac Donncha agus Áine Ní Fhoghlú buaiteoirí Chomórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht.

Bronnadh an chéad duais, €3,000 ar chnuasach gearrscéalta Jackie Mhic Dhonncha, Bróga Johnny Thomáis, a phléann an domhan ina maireann muid: grá agus briseadh croí, dul in aois, saothrú an tsaoil – téamaí uilíocha an tsaoil curtha inár láthair go liriciúil, tuisceanach, íogair. Tá na scéalta curtha inár láthair go paiteanta  i nGaeilge shuaithinseach an Iarthair.

Is ar Éalú, úrscéal le Áine Ní Fhoghlú, a bronnadh an dara duais, €2,000. Úrscéal faoi fhoréigean agus bulaíocht ar siúl idir lanúin phósta agus é curtha i láthair mar scéal corraitheach. “Leabhar dea-scríofa inléite,” a dúirt na moltóirí. “Tús an-tarraingteach, an-mhealltach don léitheoir: oscailt phléascach le hábhar an-spéisiúil idir chamáin.”

Cuireadh fáilte roimh phrós cruthaitheach nuascríofa, nár foilsíodh cheana, de gach cineál ó úrscéalta go nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta, idir shaothair do dhaoine fásta agus saothair do dhaoine óga.

Ag labhairt dó faoin gcomórtas nua seo, dúirt an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, “Is mór an spreagadh a thugann comórtais agus na duaiseanna a ghabhann leo do scríbhneoirí, go háirithe do scríbhneoirí óga nó scríbhneoirí nua nár fhoilsigh leabhar cheana.”

Seolfar cnuasach Jackie chomh maith leis na leabhair, Ar Nós an Pháiste le Pádraig Standún agus Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn is Anall le Máirtín Ó Catháin, i dTigh Mheaic i gCarna Dé hAoine, 7 Nollaig 2012 ag a hocht tráthnóna. Cuirfear sólaistí ar fáil. Fáilte roimh chách.

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do