• www.inkwellwriters.ie

Dúil ag ClubLeabhar.com

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

An cnuasach álainn gearrscéalta Dúil le Liam Ó Flaithearta atá roghnaithe mar leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com, club leabhar Gaeilge ar líne Ghaelchultúir.

Foilsíodh an cnuasach cáiliúil seo de chuid Uí Fhlaithearta den chéad uair i 1953 agus is é seo an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge a tháinig óna pheann. Tá scéalta an leabhair suite in iarthar na hÉireann agus tá cur síos fileata iontu ar an tírdhreach agus ar mhuintir na háite. Tugann stíl léiritheach Uí Fhlaithearta deis don léitheoir gach ní a chloisteáil, a fheiceáil, a bholú agus a bhlaiseadh. Músclaíonn siad smaointe agus mothúcháin láidre dhoimhne, agus tá draíocht ar leith le fáil iontu nach mbíonn le fáil ach go hannamh i litríocht na Gaeilge.

Tá na híomhánna sna gearrscéalta chomh cumhachtach, beoga sin go ndearnadh gearrscannán as ceann acu a craoladh ar TG4 mar chuid den tsraith gearrscannán Údar. Is féidir breathnú ar An Seabhac ach cliceáil ar an gcnaipe seinnte san fhíseán atá ar shuíomh Ghaelchutlúir.

Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar Dúil ag am a fhoilsithe diúltach go maith. Deirtear gur chuir sé seo lagmhisneach ar an bhFlaitheartach agus gurbh é sin an fáth nár scríobh sé i nGaeilge níos mó ina dhiaidh sin. Cuireadh athchló ar Dúil go minic thar na blianta, áfach, agus anois tá sé athfhoilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – rud a léiríonn go bhfuil léitheoirí na Gaeilge beag beann ar thuairimí diúltacha na gcriticeoirí i dtaobh an tsaothair.

Mura bhfuil tusa cláraithe mar bhall de ClubLeabhar.com go fóill, is féidir é sin a dhéanamh anois ar an suíomh idirlín Ghaelchultúir. Tá an bhallraíocht saor in aisce agus ní thógfaidh sé ach nóiméad nó dhó ort clárú. Ansin, beidh fáil agat ar na gluaiseanna, na hagallaimh agus sleachta as na leabhair ar fad atá roghnaithe go dtí seo.

 

  • The Dark Room: A thrilling new novel from the number one Irish Times bestselling author of Keep Your Eyes on Me
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books