• www.inkitt.com

Éigse na Brídeoige 2013

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Aoine 1 – Domhnach 3 Feabhra 2013

Ós rud é gurb é seo an 21ú Éigse na Brídeoige, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an Éigse tagtha in aois mná. Agus, mar is dual dúinn, beimid ag ceiliúradh teacht an earraigh in Uíbh Ráthach ag tús Mí Feabhra. Ach cé go mbeifear stuama scolártha mar is dual, beidh spraoi spórt agus scléip againn mar is dual freisin. I mbliana, táimid ag filleadh ar Bhríd féin mar théama. Ach is ar Bhríd ina pearsa mar “Bríd Dána” a bheimid ag díriú, is é sin Bríd mar phátrún na n-ealaíon (cé go mbeidh lán-chead aici bheith dána in aon chiall don bhfocal sin).

Léachtaí, scannán, amhránaíocht, ceol, filíocht, seimineár ar thábhacht na n-ealíon stáitse agus taispeántas ó pháistí scoile: sin mar a dhéanfar ceiliúradh agus cíoradh ar chúrsaí ealaíne. Sean-chairde do chuid na hÉigse a bheidh linn don gcuid is mó. Tim Dennehy a thabharfaidh léacht oscailt na hÉigse, agus é ag trácht ar Bhríd agus teacht an earraigh in amhráin na ndaoine. Taispeánfar freisin an oíche sin scannáin teilifíse a dhein RTÉ don gcéad Éigse fiche bliain ó shin. Agus, mar is gnáthach, beidh seisiún amhránaíochta neamh-fhoirmeálta ann an oíche sin. Ar an Satharn tabharfaidh an Dr Ríonach Uí Ógáin léargas dúinn ar nósmhaireacht Bhríde i gCiarraí. Beidh beannacht earraigh filíochta againn ó Bhríd agus Pádraig i bpearsana Bríd Ní Mhóráin agus Paddy Bushe. Tráthnóna Sathairn beidh díospóireacht againn ar thábhacht na n-ealaíon stáitse i gceantracha tuaithe. Beidh painéal le éagsúlacht dearcadh agus taithí againn – an tAire Jimmy Deenihan, Eibhlín de Paor, Jim Finucane, an t-iarAire John O’Donoghue, agus Fíona de Buis. An scríbhneoir, craoltóir agus tráchtaire aitheanta Theo Dorgan a bheidh sa chathaoir. Leis an dteip obann a tháinig ar ealaíon stáitse in Uíbh Ráthach le bliain anuas, seans gur díospóireacht bríomhar a bheidh againn, ó na cainteoirí agus ón urlár. Cibé faoi sin, beidh oíche don scoth ann ina dhiaidh sin, nuair a bheidh an craoltóir, ceoltóir agus amhránaí Pádraig Ó Sé agus a chlann ag seinm dúinn, in éineacht leis an amhránaí mór Tim Dennehy agus an sár-veidhleadóir Máire Breathnach.

Craolfar Aifreann na hÉigse ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Domhnaigh, agus tráthnóna Domhnaigh, déanfaidh páistí scoile an cheantair a dtaispeántas feín de thraidisiún na Brídeoige a chur i láthair.

Eolas:    www.eigsenabrideoige.com agus ó Fíona de Buis  087 2931463  Caitlín Breathnach 066 9474888

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do