• www.inkwellwriters.ie

Gairm chun Cúirte

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Beidh Cúirt Filíochta 2015 ar siúl sa Svuít Newcastle in Óstán an Citywest, Baile Átha Cliath ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair 2015 ag 1.00 agus tá súil ag Proinsias Mac a Bhaird go mbeidh sé ar do chumas a bheith i láthair agus cúpla dán a roinnt linn – do dhánta féin a léamh nó fiú aithris a dhéanamh ar dhán eile.

Tá an téama ‘fáilte, flaithiúlacht agus féile’ socraithe ach ar ndóigh ní gá cloí le sin. Más mian leat páirt a ghlacadh sa Chúirt i mbliana, bheinn iontach buíoch ach an scéal sin a fháil go luath uait.
Mar a bhí le cúpla bliain anuas, beidh seans ag daoine a gcuid dánta a bheith ar taispeáint ar scaileán is iad ag léamh. Más maith leat an deis sin a thapú, cuir do dhán/dánta chugam roimh 29 Deireadh Fómhair le go mbeidh mé in ann na socruithe teicniúla cuí a dhéanamh.
Má tá cnuasach dánta foilsithe agat cheana féin, tabhair leat cúpla cóip. Tá sé i gceist againn tábla a chur ar fáil ar a mbeidh saothar na bhfilí a bheas páirteach sa Chúirt … seans a bheidh ann cúpla díolaim a dhíol, b’fhéidir.
Cuirfear soláistí ar fáil i ndiaidh na Cúirte agus mar is gnáth cuirfear béim ar an taobh sóisialta den ócáid.
  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org
  • Behind the Bestseller podcast

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Save the Cat: The Only Book on Screenwriting You'll Ever Need
  • Keep Your Eyes on Me by Sam Blake
  • Now and Then by Mary O'Sullivan