• www.inkitt.com

Glaoch ar Scríbhinní do Cheardlann Chiaraí

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, Luan Cásca, 1 Aibreán 2013 ón 10.30 a.m. go dtí 5.00 p.m. Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Tá lón ag 1.00p.m. agus an léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille.

Beidh triúr Stiúrthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí; Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA. Mar chuid den cheardlann beidh Léamh Filíochta leis an bhfile aitheanta Paddy Bushe, oíche Dé Luain ag 8.30p.m. i Lios Beag san Óstán Meadowlands. Saorchead isteach. Fáilte roimh mhuintir na Gaeilge.

Is i gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.  Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar shaothair a chéile, beidh líon na ­rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar a mhéid.

Is cóir na saothair atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 20 Márta, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimh ré ag gach duine, ar mhaithe le cur leis an bplé ar an lá.

Tá an cheardlann seo urraithe ag Foras na Gaeilge. Eolas breise: feasta@eircom.net

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry