• www.inkwellwriters.ie

Hóng ar Ghearrliosta CBI

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go bhfuil Hóng le Anna Heussaff ainmnithe ar ghearrliosta ghradaim Children’s Books Ireland (CBI).

Hóng - clúdachIs cluiche iontach é Hóng, a imríonn Evan ar a ríomhaire an t-am ar fad. Ach tá imreoir eile, Yin, ag impí air cabhrú léi. Cé hí Yin agus cén fáth go bhfuil eagla uirthi – ní istigh sa chluiche, ach sa saol mór? Conas a chuirfidh Evan, a chara, Rio, agus a dheirfiúr, Síofra, stop le gnó salach in Éirinn agus sa tSín?

Beidh léitheoirí óga ag casadh na leathanach ó thús go deireadh. Tá Hóng an-oiriúnach mar ‘fíor-leabhar’ léitheoireachta sa seomra ranga, agus tá gluais ag deireadh an scéil.

Is é HÓNG an dara úrscéal do léitheoirí óga a scríobh Anna Heussaff. Bhí triúr de na carachtair chéanna, Evan, Rio agus Síofra, sa chéad cheann, Vortex (Cois Life 2006). Scríobh sí trí úrscéal do dhaoine fásta freisin: Bás Tobann (Cois Life 2004), Cúpla Focal (Cois Life 2007) agus Buille Marfach (CIC 2010). Bronnadh mórdhuais i gComórtais an Oireachtais ar gach ceann dá cuid úrscéalta.

Tá cónaí ar Anna Heussaff i mBaile Átha Cliath, áit ar tógadh le Gaeilge í. Chaith sí blianta ag obair ar chláir raidió agus teilifíse sular thosaigh sí ag scríobh. Ó am go chéile, cuireann sí ceardlanna scoile ar siúl faoi scáth scéim Scríbhneoirí sna Scoileanna atá á riar ag Éigse Éireann/Poetry Ireland.

Anna Heussaff

Hóng

Nuair is cluiche contúirteach é an saol…

Úrscéal mistéire agus eachtraíochta do léitheoirí in aois 10-14

Tá brón orm. Tá eagla orm. Cabhraigh liom…

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry