• www.inkwellwriters.ie

Má Theastaíonn Gáire

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Drama

Tá ainmniúchán faighte ag dráma de chuid Aisteoirí Bhréanainn ó Chorca Dhuibhne go dtí An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta a bheidh sa Spidéal ag tús na Bealtaine seo.

Ainm an dráma atá ag an gcumann ná ‘An Péintéir agus An Pósadh’. Is aistriúchán é, a dhein an cumann féin, ar dhráma greannmhar de chuid Sam Cree ‘Separate Beds’.

Bhain an pobal a chonaic an dráma go dtí seo i Halla na Feothanaí an-taitneamh ar fad as an léiriú. Bhí ard mholadh ag moltóirí de chuid An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Muiris Ó Súilleabháin agus Bairtle Ó Flatharta, ar an léiriú agus ar an aisteoireacht. Bé Tomás Ó hIcí, atá ó 1979 ag feidhmiú mar léiritheoir le hAisteoirí Bhréanainn, a léirigh an dráma.

Idir seo agus An Fhéile Náisiúnta beidh ceithre thaispeántas ar an dráma i Halla na Feothanaí ar na dátaí seo a leanas: Dé Máirt, 23 Aibreán, Déardaoin, 25 Aibreán, Dé Máirt, 30 Aibreán agus Dé Céadaoin, 1 Bealtaine.

Má theastaíonn gáire uait ná caill an deis an dráma seo a fheiscint.

Aisteoirí B

Chun tosaigh ó chlé: Tomás Ó hIcí (léiritheoir), Susan Ní Churnáin, Bríd Criomhthain, Iarfhlaith Ó Murchú.
Ar cúl ó chlé: Noeilí Ó Maoileoin, Siobhán Ní Chathalláin, Máire Uí Bheaglaoich, Edward Hutchinson, Tomás Ó Luing, Treasa Uí Luing, Lúsia Uí Bheaglaoich.

  • The Dark Room: A thrilling new novel from the number one Irish Times bestselling author of Keep Your Eyes on Me
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books