• www.inkitt.com

Meirge an Laoich in Airde

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Ceataí Ní Bhealduin Sheol Pádraig Ó Héalaí cnuasach nua filíochta Meirge an Laoich le Ceaití Ní Bheildiúin Sa Mhúsaem,   Baile
an Fheirtéirigh an tseachtain seo caite mar chuid de Fhéile Ceoil an earraigh. Bhí ceol agus caint ann agus craoladh cuid den imeacht De Luain seo ar An Saol ó Dheas ar RTE Raidió na Gaeltachta.

Ina léargas ar a leabhar, mar a dúirt sé ag an seoladh, pléann Pádraig  bá an údair leis an dtimpeallacht agus leis an gceantar, chomh maith leis an ómós don traidisiúin atá san obair seo, ar dtúis ina chuid cainte, ag déanamh tagairt don dán ‘Cosán’ ón gcnuasach.

Tugaim aghaidh ar an gcnoc,

láthair neasneamhga, parthas aoibhinn

i scamaill a imchlúdaíonn an bhinn,

áit a ghnáthaíonn An Daghdha, Dia na Spéire,

áit a luíonn scáil agus corcán Chrom Dubh,

áit ina maireann

anam naofa an Loingseora, Bréanainn.

Leanaim cosán na gcéadta cos romham

is leánn gach teora talún.

“Tá bá le béaloideas soiléir óna dánta, sampla beag amháin dán gur teideal do ‘Ómós’, an t-aitheantas tugtha ann don sean-thuiscint go bhfuil bua speisialta i log beag uisce a bheadh ar charraig nó ar chloch, uisce gan iarraidh a thugtaí air: Bhualfadh sé leat nuair ná bheifeá sa tóir air.”

Ar fhalla cosanta aimsím log i gcloch

is báisteach bailithe ann.

Tumann mo lámh sa mhias

gan ordú uaim,

dom bheannú.

“Bímid (fós) ag súil leis go ndéanfadh an file éachtaint éigin a thabhairt dúinn ar an saol inár dtimpeall, ionas gur fearr a thuigfimid sinn féin is ár dtimpeallacht.  Léiríonn focail an fhile i slí níos gléine ná mar a dtuigimid féin , mianach an duine agus comharthaí soirt an tsaoil inár dtimpeall.  De bharr íogaireacht thuiscintí an fhile agus a chumas friotal beacht a chuir ar bhraistintí agus ar thaithí, scaoiltear isteach i ndomhan duine eile sinn mar roinneann an file a shaol príobháideach linn agus sa tslí sin osclaítear as an nua ár súile agus bíonn úire ag baint leis an rud a fheicfimid.  Is ansan go díreach a luíonn an fiúntas a bhaineann leis an gcnuasach filíochta so mar éiríonn leis an bhfile seo samhaltaí agus íomhánna a aimsiú a chaitheann solas nua ar ghnéithe den saol go dtráchtann sí orthu…”

“ ..Is mór an chreidiúint don údar, an stóras breá foclóra atá aici, saibhreas cainte ins na dánta aici agus leaganacha breátha agus scata tagairtí a bhaineann macalla as traidisiún na Gaoluinne.  Sa dán ‘Cumhachtaí’, mar shampla, trácht ar mhúscailt an earraigh agus an ghrá, luaitear ‘iomas na gréine’ agus ‘cnóite coill’ – ‘iomas’: seanfhocal a bhí luaite leis an eolas, an fios speisialta, a gheobhadh duine ón saol eile, agus na ‘cnóite coill’: na cnóite sin a thit isteach in Abhainn na Bóinne gur ith an bradán iad, an Bradán Feasa, agus gur shainmhigh Fionn Mac Cumhaill leis an mbradán nuair a bhfuair sé a chéad greim de agus gur bhfuair sé féin bua feasa tríd sin.

Buaileann sí arís torann na seanlitríochta sa dán ‘Altóir na Maisiúlachta’, nuair a shamhlaíonn sí a hiarrachtaí féin, léi féin a ghléasadh go maisiúil, le bheith sa tóir ar lionn nó leann a bhí luaite (sin beoir) leis an sean-Dia na Goibhneachta, Goibhniú, nó Goibhne mar deirimid inniu leis, ar an saol eile. Cuirtear i láthair é mar dhuine a bhíodh ag roinnt amach na beorach seo, agus aon duine a d’ólfadh chuid den bheoir san bhí an-lochán déanta air agus i lucht na hóige go deo.”

“… Tugann Ceaití radharc isteach dúinn i réimsí leochaileacha don saol agus ar fórsaí follaithe na haigne sa leabhar seo.

Sa dán ‘Altram’ blaisimid aoibhneas an tsonais a bhfaigheann tuismitheoir ó leanbh altramais agus ansan an folúntas a fhágann an leanbh nuair a n- imíonn sé…”

“Tá an-chur síos aici ar scarúint chairde agus conas mar a bhfágtar  léi le himeacht na bliana a bhí ann tráth: ‘Scaradh’…..”

Snámhann

cuimhne ár laethantaMeirge an Laoich

i gcomhchantain

i gcomhluadar

i gcomhcheangal a chéile

go cuilitheach anois

ar an abhainn,

dála duilleoga feoite

ag imeacht róthapaidh

i dtranglam an tsaoil.

“Tugann sí léi aigne agus soineantacht an linbh …leis an dán ‘Múnlú’ (téama béaloideasúil ann)”

Meabhraíonn an dán seo scéal do Phádraig, scéal a bhíodh ag Lís – máthair Mháirín Ní Laoithe, duine den lucht éisteachta ag an seoladh, scéal a bhíodh aici ar an mBlascaod ina hóige:

“Conas mar a chuireadar an ghoimh ar fhear éigin go raibh uallach beag deas feamnaí réitithe aige ar imeall an trá agus thánadar san, na cailíní beaga, agus réabadar an t-ualach go léir agus iad ag cuardach an bhfaighidís aon béibí beag istigh fén bhfeamnach.”

Téann cailín óg ag lorg cré ón ngort

is feamnach ón trá.

Ina cúlghairdín múnlaíonn sí

deartháir beag di féinig as an gcré.

Clúdaíonn sí é le brat feamnaí.

“ Téann sí i ngleic le ceisteanna deacra agus imeachtaí náireacha sa saol comhaimseartha. Feictear dom gur cumhachtach an dán é an teideal dán ‘Meirge an Laoich’…”

Ciapfaidh an íomhá go deo mé,

tusa i do bhan-Van Gogh,

do chluais ina giobal, clúdaithe i gcró,

“Leabhar dúshlánach go bhfuil substaint ann agus go bhfuil seoda fileata neadaithe ann…Tá ardmholadh agus an-chreidiúint ag dul don údar Ceaití Ní Bheildiúin agus gur fada buan i mbun pinn í.”

Is iad Coiscéim na foilsitheoirí.

 

 

 

About the author

 

  • The Dark Room: A thrilling new novel from the number one Irish Times bestselling author of Keep Your Eyes on Me
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books