• www.inkwellwriters.ie

Na Páistí Deasa

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá ríméad ar Futa Fata an chéad leabhar de shraith nua a chur faoi bhráid léitheoirí óga agus a dtuismitheoirí. Tá Lísín – Scoil na bPáistí Deasa scríofa ag Patricia Forde, maisithe ag Joelle Dreidemy.  Foghlaí Mara is ea Lísín a bhfuil sé de dhualgas uirthi foghlaithe mara nua a thraenáil, ach an bhfuil mianach  foghlaí mara i bpáistí deasa, galánta?  Tá dúshlán mór roimh Lísín seans, ach má tá féin, tá neart spraoi agus eachtraí roimpi chomh maith.

Seo é an ceathrú leabhar atá foilsithe ag Patricia Forde le Futa Fata.  Níor oibrigh sí riamh mar Fhoghlaí Mara, ach, chaith Patricia seal mar stiúrthóir ar an bhFéile Ealaíon i nGaillimh agus is í a bhunaigh an Fhéile Idirnaisiúnta Baboró.  Tá dhá leabhar eile do pháistí foilsithe aici i mBéarla le Egmont i Londain.

Lisin agus na bPaisti Deasa Ealaíontóir ó Pháras na Fraince í Joelle Dreidemy.   D’fhreastail sí ar scoil chailiúil Emil Cohl i Lyon, áit a bhfuil sí féin ag múineadh ealaíontóirí óga anois.  Tá réimse leathan leabhar maisithe aici agus an-cháil uirthi ina tír dhúchais.

Tá breis agus 70 leabhar foilsitheag Futa Fata, ina measc, rogha leathan bunleabhar, chomh maith le réimse leabhar ardchaighdeáin atá aistrithe ó theangacha eile, do leitheoirí na hÉireann agus na Gaeilge.  Tá leabhair de chuid Futa Fata foilsithe thar lear chomh maith sa tSín, sa Choiré, sa Fhrainc agus in Albain.

Tuilleadh eolais do na meáin: Gemma Breathnach, 091 505800, 086 070 3193 gemma@futafata.ie

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • None Stood Taller by Peter Turnham