• www.inkwellwriters.ie

Scáil an Phríosúin ar Anna

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Seolfaidh Aengus Mac Grianna an t-úrscéal bleachtaireachta nua le Anna Heussaff,  Scáil an Phríosúin, ar an Máirt, 10 Samhain ag 7.00 i.n. i The Patriots Inn, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath.

Seo an tríú húrscéal bleachtaireachta do dhaoine fásta le Anna Heussaff. Baineann an scéal seo le dhá dhúnmharú faoi leith san áit chéanna, Príosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Tréimhse céad bliain atá idir an dá choir ach cén ceangal atá eatarthu?

Ó thosaigh Anna Heussaff ar an scríobh cruthaitheach sa bhliain 2002, foilsíodh cúig úrscéal Gaeilge léi: dhá úrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta, Bás Tobann (Cois Life, 2004) agus Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010), iad araon suite i mBéarra ar chósta an iardheiscirt; dhá úrscéal mistéire do léitheoirí óga in aois 10 – 14 bliana, Vortex (Cois Life, 2006) agus Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012), ina bhfuil cluichí scáileáin fite fuaite in eachtraí an scéil; agus úrscéal grá comhaimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal (Cois Life, 2007).

Anna HeussaffBronnadh mórdhuais Chomórtais Liteartha an Oireachtais ar gach úrscéal díobh; agus sa bhliain 2013, thuill Hóng Gradam Speisialta na Moltóirí ag ócáid Leabhair Pháistí Éireann, duaiseanna CBI, nó na Bistos mar a thugtaí orthu tráth. I mí na Samhna 2015, foilseoidh Cló Iar-Chonnacht an t-úrscéal nua bleachtaireachta le Anna Heussaff, Scáil an Phríosúin, atá suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, agus na lárcharachtair chéanna ann is a bhí sna húrscéalta i mBéarra. Beidh Anna Heussaff le feiceáil ag léamh as an úrscéal nua ag Oireachtas na Samhna ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair ag 4.00 i.n. in Ionad na Filíochta, Svuít ‘Newcastle’, Ostán Citywest mar chuid den tsraith SLIOCHT atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht, atá 30 bliain ar an bhfód i mbliana.

Tógadh Anna Heussaff le Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá cónaí uirthi i gCill Mhaighneann inniu lena fear céile agus a mac.

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com
  • Behind the Bestseller podcast

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Save the Cat: The Only Book on Screenwriting You'll Ever Need
  • Now and Then by Mary O'Sullivan
  • Keep Your Eyes on Me by Sam Blake