• www.inkitt.com

Seachtain fágtha i Sladmhargadh CIC

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá tús curtha le Sladmhargadh Nollag Chló Iar-

Chonnacht agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 23ú lá de mhí na Nollag. Bainfear suas le
50% de phraghas na leabhar agus cuirfear rogha leathan dlúthdhioscaí ar fáil ar €10.00 i siopa
Chló Iar-Chonnacht in Indreabhán, Conamara.

Tá réimse leathan leabhar, ceol, cluichí agus DVDanna ag Cló Iar-Chonnacht. Má tá tú ag
lorg smaointe nó má theastaíonn uait pacáiste a chur le chéile, is féidir comhairle a fháil faoi
na bronntanais is fearr le ceannach.

 I measc na dtáirgí do dhaoine óga tá an leabhar is déanaí ó Anna Heussaff, Hóng, chomh
maith le Dora the Explorer, Dinosaur Train, póstaeir, cluichí agus go leor eile! Ar ndóigh, tá
go leor do dhaoine fásta chomh maith!

Tá an bailiúchán is mó de ríomhleabhair Ghaeilge ann freisin agus is féidir iad a fheiceáil ó
shuíomh Chló Iar-Chonnacht, cic.ie, nó tá siad ar fáil ó na mór-mhiondíoltóirí ar fad.

Tá dearbháin bhronntanais €20.00 agus €10.00 le fáil ó Chló Iar-Chonnacht don Nollaig,
is féidir iad seo a cheannach ar an suíomh idirlín, ar an nguthán trí ghlaoch ar 091 593307,
nó i siopa Chló Iar-Chonnacht in Indreabhán. Tá muid ag cur síneadh le praghsanna ón
sladmhargadh Nollag go deireadh mhí Eanáir do dhaoine le dearbháin Nollag amháin.

Tá gach lascaine ar fáil ó shiopa CIC in Indreabhán nó ón suíomh idirlín. Beidh siopa
Chló Iar-Chonnacht, atá suite i bPáirc Ghnó Shailearna in Indreabhán (trasna ó Cholásite
Cholmchille) ar oscailt ó Luan go Déardaoin, ó 9.30 i.n. go 5.00 i.n. agus ó 9.30 i.n. go 4.00
i.n. gach Aoine. Cuirfear dhá lá siopadóireachta breise ar fáil ar an deireadh seachtaine roimh
na Nollag, an Satharn an 22ú agus an Domhnach an 23ú lá de mhí na Nollag ón 12 meánlae
go dtí a 6.00 i.n. agus ar Oíche Nollag ón 9.30 go 1.00 i.n.

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry