writing_ie-logo

  • www.inkitt.com
gerry-chaney-interviews-header

Magazine

Seal sa Dorchadas: Nóinín le Máire Zepf

w-ie-small
Article by Writing IE Admin © 22 April 2019 Máire Zepf .
Posted in the Magazine ( · Ag Scríobh ).

Tá mo ghairm mar scríbhneoir go dtí seo péinteáilte i ndáthanna geala: béiríní beaga ar a gcéad lá scoile, dragúin fhiánta, cailleacha gránna, róbait sár-shórtála agus sióga maithe. Tá na scéalta gealgháireach, suáilceach, dearfach, le croitheadh beag draíochta ar bharr. Cén fáth, mar sin, ar leabhar uimhir a hocht, gur imigh mé chun an taoibh dhorcha?

Ní chuireann Nóinín – m’úrscéal nua véarsaíochta do dhéagóirí, foilsithe an mhí seo ag Cois Life – ní chuireann sé fiacail ann. Téann sé i ngleic le mealltóireacht ar líne, ag plé leis an uafás lom a  tharlaíonn nuair a thiteann an toradh is measa dár féidir a shamhailt amach do chailín óg. Insítear an scéal ina dhá chuid. Ar dtús, cluinimid guth Nóinín, déagóir cúthail a chasann ar bhuachaill ar líne. Níl Oisín cosúil leis na buachaillí eile ar scoil. Is duine lách é a thuigeann Nóinín go smior. Páirtí croí agus anama é. Titeann sí i ngrá leis. Ní mian léi am a chaitheamh lena cara is fearr, Eimear, níos mó – tá sí go huile is go hiomlán gafa. Ach nuair a théann sí chun casadh leis an bhuachaill, ní fhilleann sí. Mar sin, is í Eimear a insíonn an darna píosa den scéal agus í ag streachailt le brón agus bris agus ciontacht – í ag déanamh a seacht ndícheall chun scéal a cara is fearr a fhí le chéile. I measc an uafáis agus an bhriseadh croí, tógann Eimear ceisteanna deacra faoi iontaoibh agus faoin locht.

I bhfírinne, mhothaigh mé gur b’éigean dom an scéal dorcha seo a inse. Tá triúr sna déaga sa bhaile agam, agus cluinim uatha an dóigh a dhéanann siad neamhaird glan ar an chomairle sábháltachta a thugtar dóibh ar scoil agus sa bhaile. Go bunúsach, ní chreideann siad go dtuigeann seanóirí cosúil linne rud ar bith faoin domhan digiteach. Síleann said gur cailligh an uafáis muid, drama queens meánaosta muid ag cumadh scéalta. Ach níos cumhachtaí (agus níos dáinséirí) fós, ceapann siad go bhfuil said féin doscriosta, dósháraithe, piléardhíonach.

Níl Nóinín, mo phríomhcharachtar, níl sí amaideach. Ní ag tabhairt drochbhreithiúnas uirthi a bheas an léitheoir. Agus níl Nóinín, an leabhar, in éadan na teicneolaíochta ar dhóigh ar bith. An buille marfach ar mhian liom a bhualadh ná go dtiocfadh leis seo tarlú do dhuine ar bith (ag aois ar bith, fiú). Is ann atá an tromluí. Ach leis sin, níl rud ar bith faoin spéir a choinneoidh sábháilte muid ach amháin an tuiscint gur féidir leis sin tarlú dúinn féin.

Tá mé cinéal sásta, i ndáiríre, nár thuig mé sular thosaigh mé, díreach cé chomh trom is a bheadh an taighde don leabhar seo. Agus níos sásta arís, nuair a smaoiním faoi, nach raibh duine ar bith ag coinneáilt súile ar mo stair bhrabhsála ar líne agus mé ag fiosrú an domhain dhorcha a bhaineann le déimeagrafaigh agus le síceolaíocht na bpéidifileach, staitisticí mealltóireachta páistí, stráistéisí cuardacha na ngardaí agus rudaí i bhfad go deo níos míofara ná iad (ach nach féidir liom a admháil anseo gan barraíocht den scéal a scaoileadh!). Is fada ó seo na róbait sár-shórtála.

Anois agus an leabhar críochnaithe, feictear dom gur ag briseadh talamh úr a bhí mé, ag cur an ábhair ghruama seo os comhair lucht léitheoireachta sna déaga, nó talamh úr don teanga seo, cibé. Tá déagóirí breá cleachtaithe le téamaí duairce agus fíor-réalachas agus iad ag léamh as Béarla. Creidim narbh fhéidir an scéal áirithe seo a inse go dílis gan bheith beagáinín grafach, agus ag an am céanna, táim thar a bheith buíoch do Cois Life mar fhoilsitheoir, a sheas chomh buan sin le mo thaobh agus mé ag sárú na dteorainneacha sa dóigh seo i nganfhios dom féin.

Tá séanra an úrscéal véarsaíochta nua domsa mar údar agus úrnua don Ghaeilge, agus b’oscailt súl é dom i ndáiríre. I bhfolach i dtearmann scríbhneoireachta Eanach Mhic Dheirg i gCo Muineacháin a scríobh mé cuid mhór den leabhar, agus san áit sin, rith sruth focal liom sa mheán seo ar dhóigh nach raibh mé ag dréim leis. Go minic agus mé ag scríobh próis, briseann mo chuid scríbhneoireachta go nadúrtha i ngiotaí. Scaoil an saorvéarsaíocht saor mé, ar bhealach, mar gur féidir leis na focal a rogha cruth a ghlacadh. Idir filíocht agus próis, níl ceangal na cuing uirthi.

Tá mé dóchasach go n-imreoidh an t-úrscéal véarsaíochta an draíocht chéanna sa Ghaeilge is a d’imir sé cheana féin sa Bhéarla – ag laghdú na gconstaicí os comhair léitheoirí drogallacha agus ag mealladh déagóirí ar ais chun léitheoireachta – déagóirí a bhfuil an léitheoireacht (agus go háirithe an léitheoireacht sa Ghaeilge) tréigthe acu mar nach bhfuil sé gasta nó ábhartha go leor dá gcuid saolta tapa. Tá úrscéal véarsaíochta sciobtha agus furast le léamh in ainneon – nó mar gheall air – bheith scríofa i bhfilíocht. Tá focail, gníomh agus mothucháin gonta glinn. Tiontaítear leathanaigh go gasta. Léitear úrscéal véarsaíochta go minic taobh istigh de chúpla uair a chloig.

Tá laethanta agus míonna gnóthacha amach roimh Nóinín. Beidh muid á sheoladh sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 25ú Bealtaine ar an 1 i.n. (is tá fáilte roimh gach duine agaibh bheith i láthair!). Beidh imeachtaí scoile agus ócáidí i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Amuigh ‘san fhiántas’ don chéad uair, beidh an leabhar léite agus pléite – am atá scleondrach agus scanrúil don údar ag an am céanna. Fuair Nóinín duais ficsin ón Oireachtas in 2018, agus anois, tá eachtra eorpach roimh an leabhar seo. Piocadh sliochtanna ón leabhar don tionscadal ‘Transpoesie’, rud a chiallaíonn go mbeidh dánta aonaracha ón leabhar le feiceáil ar chóras iompair na Bruiséile san fhómhar. Beidh siad le léamh ar na traenacha faoi thalamh agus ar na tramanna i bpríomhchathair na Beilge i nGaeilge, le haistriúcháin go hOllainis, Fraincis agus Béarla.

Anois agus Nóinín amuigh sa domhan mór, tá mise ar ais ag scríobh faoi na ninjas agus na heachtráin, na róbait spáis agus na zombaithe – scéalta le críoch sona agus téamaí spraíúla do pháistí beaga. Tá mé ar ais arís i zón an chompoird. Ach b’eispearas an-tairbheach é bheith ag scríobh don aosach óg a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, agus tá mé ar bís chun pilleadh air. B’fhéidir go mbeidh rud éigin i mo shaol scríbhneoireachta ar nós yin agus yang – sealanna caite faoi sholas geal na gréine agus sealanna eile ag dul i ngleic leis an dorchadas.

(c) Máire Zepf

Nóinín le Máire Zepf:

Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar fhear óg ar an idirlíon. Níl sé cosúil leis na gasúir ar scoil: tuigeann sé go smior í, agus titeann sí i ngrá. Ní maith léi am a chaitheamh lena cara is fearr, Eimear, níos mó – tá sí go huile is go hiomlán gafa.

Nuair a théann sí chun casadh leis an fhear óg, ní thagann sí ar ais.

Cuireann Eimear an milleán uirthi féin. Nochtann an sceon, an briseadh croí, agus leochaileacht an duine. Léigh scéal Eimear agus í ag dul i ngleic le ceisteanna faoi iontaoibh a bheith agat as daoine agus as an saol.