Beidh an chéad seimineár litríochta eile sa tsraith Léann na hÉigse ar siúl ag 4 pm Dé hAoine an 30 Samhain, tráth a thabharfaidh an Dr Virginia Blankenhorn (Ollscoil Dhún Éideann) páipéar ar ‘Caointe na mban uasal: “Caoineadh Airt Ui Laoghaire” agus “Cumha Ghriogair Ruaidh a Gleann Sreith”. Beidh an chaint i Léachtlann Institiúid na hÉireann don Léann Daonna (UCD Humanities Institute of Ireland), Belfield, Baile Átha Cliath 4. Ta fáilte roimh chách.
Tá an ócáid á eagrú i gcomhar le hInstitiúid Mhíchíl Uí Chlérigh agus tá sí urraithe ag Colmcille.