Tionól na Mumhan 2015

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

Beidh togha an léinn agus na litríochta le blaiseadh ag Tionól na Mumhan i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge, ar an 22ú go dtí an 24ú Bealtaine, a deir Donnchadh Ó hAodha, cathaoirleach Dháil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge. Téama: Sna Déise

Ar an Aoine, 22ú Bealtaine ag a 8.00 p.m. labhróidh An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Roinn na Nua-Ghaeilge, UCC, ar ‘Litríocht na nDéise.’

An mhaidin dar gcionn, 23ú Bealtaine, ag  a 11.45 a.m. tabharfaidh Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Co. Phort Láirge, caint uaithi ar ‘Logainmneacha sna Déise.’

Tabharfar turas áitiúil na Rinne le Liam Suipéil, Bainisteoir, Coláiste na Rinne, tar éis lóin.

Beifear ar ais roimh a 5.00 p.m. le haghaidh caife agus filíochta leis na húdair Mícheál Ó Ruairc agus Áine Uí Fhoghlú, agus istoíche De Sathairn, 23ú Bealtaine ag a 8.00 p.m. cloisfear léacht dar teideal: ‘Leabharlann Choláiste na Rinne – bunú agus forbairt,’ ón Ollamh Aoibheann Nic Dhonnchadha, An Institiúid Ard-Léinn.

Oíche Dé Sathairn, bronnfar Gradam Chraobh na Mumhan de Chonradh na Gaeilge ar Chraobh Luimnigh.

Bronnfar Gradam Choiste Dúiche na Mumhan ar Choiste Dúiche Thiobraid Árann de Chonradh na Gaeilge. TIONÓL NA MUMHAN 2015 á eagrú ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge

Is féidir áirithintí lóistín a dhéanamh le Sinéad, 058-46128, Coláiste na Rinne.

Breis Eolais: Donnchadh Ó hAodha: 087-242 1267. Celine Ní Chóchlaigh 085-801 1570.

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books