Cuirfidh an craoltóir iomráiteach litríochta, Cathal Pórtéir, agallamh ar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge i ndlúththimpeallacht An Siopa Leabhar, Déardaoin, 22ú Samhain 2012 ar 20.30. Beidh an t-agallamh seo á chraoladh ar Raidió na Life amach anseo.
Agallamh faoi shaol agus saothar an údair atá i gceist leis an oíche seo, a thabharfaidh léirmheas dúinn ar stíl agus meon an scríbhneora. Ag deireadh an agallaimh seo seolfar an scéal spraíúil spleodrach nua de chuid Titley – ‘Smuf’.
Tá spás teoranta don oíche eisceachtúil seo, mar sin ar an drochuair ní féidir ach glacadh leis an chéad 25 duine a sheolann RSVP trí ríomhphost amháin chuig siopa@cnag.ie roimh 17.00 ar an 19/11/12.