• www.inkitt.com

An Sagart ar fáil arís

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh | Uncategorized
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

le Pádraig Ó Fiannachta

Le huimhir seo an iriseáin seo beidh sé seacht mbliana agus leathchéad ar
an saol. Tá sé in ainm a bheith ina iris oifigiúil ag Cumann na Sagart, ach is
baolach gur mó de ráthachán Phádraig Uí Fhiannachta mar a thug Críostóir
Ó Floinn air fadó sa mhéid go bhfuilim mar eagarthóir air le caoga bliain,
agus dhá chéad uimhir de foilsithe agam. Is é an t-iriseán a thug a inphrionta
don tionscnamh foilsitheoireachta a thosnaigh in 1967 le foilsiú Mise
Agaistín, leabhar a bhí réidh le foilsiú in Aibreán 1963 mar a deir an cinsirí a
thug a Nihil obstat, agus Easpag Chiarraí a thug a Imprimatur dó an bhliain
sin. Bhí sé ceithre bliana ag foilsitheoir eile a bhí ‘ag obair air’ mar a dúirt
sé liom sarar chuas féin sa tseans. Níl agam féin anois ach cóip athláimhe le
hainm ‘Sr. Ignatius’ air.

D’éirigh linn a lán fadhbanna a réiteach le cabhair
na háise seo. Tá catalóg de fhoilseacháin An Sagart ar fáil ó 2008; tá an t-
ábhar faoi ocht gcinn teidil ó Bhéaloideas, Beathaisnéis go Spioradaltacht
agus Diagacht, Stair. Tá suíomh idirlín againn www.ansagart.ie ina bhfuil
breis eolais. Tá leabhair acadúla chomh maith le leabhair do ghnáthléitheoirí.

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Freewheeling to Love by Máire O' Leary. A contemporary romance set in Co. Kerry
  • None Stood Taller by Peter Turnham
  • The Needle and the Damage Done is the story of a boy from a small Irish village who became an adventurer, multi-award-winning do
  • More adventures in 'Billy's Search for the Unspell Spell' the sequel out now!