Tá áthas ar Áras Scríbhneoir na hÉireann, Imram agus Books Ireland buaiteoirí chomhchomórtas splancfhiscin a mhaoinigh Foras na Gaeilge. Is iad seo an cúighar a bhuaigh:
- Dairena Ní Chinnéide
- Feargal Ó Béarra
- Anthony McMahon
- Máire Dinny Wren
- Pádraig Mac Con Ulad
Cuireadh an comórtas ceannródaíoch seo ar bun le ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoireacht na hÉireann agus chun lucht léite níos mó a thabhairt do scribhneoirí Gaeilge.
Dúirt moltóir an chomórtais, an file Aifric Mac Aodha gur léirigh na buaiteoirí scothscíleanna scríbhneoireachta sna saothair úra gearra seo a bhí ar ardchaighdeán amach is amach.
Tá na duais-scéalta uile I gcló san eagrán (Eanáir/Feabhra) reatha de Books Ireland