LÉACHTAÍ CHOLM CILLE XLVI
Is é an téama a bheidh i gceist i Léachtaí Cholm Cille i mbliana ná An Scríbhneoir Gaeilge agus Saol a Linne agus beifear ag díriú ar chomhthéacsanna agus ar thimpeallachtaí éagsúla prós-scríbhneoireachta ó aimsir na hAthbheochana i leith.
DÉ hAOINE 13 MÁRTA 2015
Léachtlann 4, Foirgneamh John Hume, An Campas Thuaidh, Ollscoil Mhá Nuad 6.30 Clárú i bhFoirgneamh John Hume
7.15 Oscailt Oifigiúil LCC XLVI Liam Mac Cóil
7.30 Rothaí Móra an tSaoil: teicneolaíocht an taistil mar léiriú ar shaol na linne i nualitríocht na Gaeilge Máirín Nic Eoin
8.30 Fáiltiú agus Seoladh Leabhair Seolfar léachtaí na bliana seo caite: Léachtaí Cholm Cille XLV: Saothar an Athar Peadar in eagar ag an Dr Eoghan Ó Raghallaigh sa Seomra Caidrimh, Foirgneamh na nEalaíon.
DÉ SATHAIRN 14 MÁRTA 2015
Léachtlann 4, Foirgneamh John Hume, An Campas Thuaidh, Ollscoil Mhá Nuad
9.30 Idir Dhá Shaol: Scríbhneoirí na hAthbheochana i Sasana agus in Éirinn Ríona Nic Congáil
10.15 ‘Mise liom féin lom dáiríre’: Seosamh Mac Grianna agus leathchairde a linne Fionntán de Brún 11.00 Sos caife
11.30 An Comhar á dhíol Micheál Ó Cearúil
12.15 Diarmaid Ó Súilleabháin agus Éire a linne: an nua-aoiseachas agus cuimhne na sinsear Éamon Ó Ciosáin
1.00 Lón
2.30 (Soi)scéal an Standúnaigh Tadhg Ó Dúshláine
3.15 Scéal scríbhneora: plota, carachtair agus téamaí Anna Heussaff
4.00 Fóram Plé
4.30 Clabhsúr na Comhdhála CLÁRÚ

