An Scríbhneoir Stairiúil

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

BUAIL LEIS AN ÚDAR: LIAM MAC CÓIL

Stíleoir par excellence é Liam Mac Cóil agus duine de na scríbhneoirí is breátha sa tír, i gceachtar den dá theanga. Thuill a chéad úrscéal An Dochtúir Áthas an-chlú dó as an meascán meisciúil den fhicsean bleachtaireachta agus den anailís Fhreudach. Is gaisce é an t-úrscéal stairiúil aige An Litir agus níos mó na gaisceoireacht ann. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Fontenoy, úrscéal stairiúil eile ar maisiú ar an seánra e. Leabhar neamhghnách agus tour-de-force uaidh ab ea An Chláirseach agus an Choróin, staidéar beathaisnéiseach ar an gcumadóir ceoil Éireannach, Charles Villiers Standford. Léifidh Liam as a shaothar dúinn anocht agus ina dhiaidh sin beidh sé féin agus Cathal Póirtéir i mbun comhrá. Bímis bródúil as scríbhneoirí agus intleachtaigh ár linne. Bí linn sa dioscúrsa agus sa chraic.

Is é seo an tríú agallamh beo i sraith atá á heagrú ag Imram i gcomhair le hÁras na Scríbhneoirí.

Anocht: DÉ MÁIRT 5 BEALTAINE 2015, ÁRAS NA SCRÍBHNEOIRÍ
19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 2
Saorchead isteach

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books