As an Trunc

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

 

Seoladh leabhair agus léamh filíochta

‘Ceolfhoireann cheilte é m’anamsa,’ a dúirt an mórfhile Portaingéalach Fernando Pessoa agus deirtear go minic gurb iad an ceathrar filí Portaingéalacha is mó ata ann ná Fernando Pessoa: ciallaíonn ‘pessoa’ ‘pearsa’ agus bhí triúr pearsan aige, Albero Caeiro, Ricardo Reis agus Álvara de Campos. Scríobhdar go léir saothar nach raibh sé féin in ann a chumadh, dar leis. Sárshaothar próis le Pessoa is ea Leabhar an Mhíshuaimhnis, a chuaigh i bhfeidhm ar George Steiner sa tslí a dtéann Baile Átha Cliath Joyce nó Prág Kafka i bhfeidhm orainn.DeirdreBrennan

Thug an file Deirdre Brennan cuairt ar Liospóin sa bhliain 2011 agus chuaigh Pessoa go mór i bhfeidhm uirthi. Tá mar thoradh ar an gcuairt sin As Trunc Fernando Pessoa againn, leaganacha gleoite de shaothar an fhile:

 Níl difríocht ar bith idir mise is na sráideanna seo

Ach gur sráideanna iad agus is anam mise

Nach mbaineann sin le hábhar b’fhéidir nuair a mhachnaímid

Ar bhunbhrí an ruda.

 

AS TRUNC FERNANDO PESSOA

DÉ CÉADAOIN 14 DEIREADH FÓMHAIR 6.00pm, Seomra na Gaeilge, Ollscoil na Tríonóide/Trinity College Dublin

 Saorchead isteach

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books