• www.inkitt.com

Bean Árainn

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Dánta Nua ó Árainn: Bean Árann (A Woman of Aran) le Máire Áine Ní Dhireáin

Rith bua na filíochta ariamh le Direánaigh an tSrutháin ar Inis Mór, Árainn. Cuireann cnuasach cumasach nua filíochta de chuid Mháire Áine Ní Dhireáin, neacht le Máirtín Ó Direáin leis an traidisún seo. Tá an cnuasach foilsithe ag Nuascéalta. Soláthraíonn Tomás Mac Síomóin leaganacha Béarla de na dánta.

Cuimsíonn dánta Bean Árann tréimhse a shíneann ón Inis Mór thraidisiúnta inar saolaíodh í, trí dhaichead bliain de dheoraíocht, go dtí gur fhill sí ar “áth a síolraithe”. Cuireann a cuid véarsaíochta na mothúcháin a bhaineann leis an an taithí seo uile in iúl, is tírdhreacha agus muirdhreacha Inis Mór mar chúlra go minic leo.

Clúdach Bean Árann
Clúdach Bean Árann

Ní leasc le Máire Áine Ní Dhireáin a ghabháil i ngleic fhileata leis an mothúchán ámh, bíodh sé dúisithe ag an ngrá, ag an mbás nó ag creaga Árann. Déanann sí a cuid féin de ghné stairiúil a timpeallachta, cé acu i Londain nó in Inis Mór di. Ní hé fearacht chuid mhór dá comhshaoránaigh nach cás leo, nó nach eol dóibh, stair ár gcine, ní cheileann sise an fhearg a chuireann an éagóir mhór a rinneadh ar ár sinsear uirthi. Le dánta Bean Árann, cuireann Máire Áine Ní Dhireáin a hainm le hainmneacha mhaithe móra phainteon liteartha Árann.

Meabhraíonn líníocht Chathal Póirtéir tírdhreach Inis Mór dúinn.

Tuilleadh eolais ó www.nuascealta.com nó info@nuascealta.com

 

  • www.designforwriters.com
  • allianceindependentauthors.org
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Keep Your Eyes on Me by Sam Blake
  • Save the Cat: The Only Book on Screenwriting You'll Ever Need
  • Now and Then by Mary O'Sullivan