Duine de scoláirí móra na Gaeilge sa chéad seo chaite ab ea Pádraig Ó Siochfhradha nó An Seabhac mar ab fhearr aithne air. I measc a mórshaothar tá Jimín Mháire Thaidhg, An Baile Seo ’Gainne, Tríocha Céad Chorca Dhuibhne agus An Seanchaidhe Muimhneach. Cailleadh é ar an 19 Samhain 1964, in aois a 81 bliain. Ach ar shroisint na ceithre fichid dó thug an Seabhac fén chuntas seo a scríobh ar a mhuintir, a óige agus a phobal féin sa tSlios i mBaile an Ghóilín, tamall siar ó bhaile an Daingin i dtreo Cheann Trá. A lámhscríbhinn, a bhí i seilbh Phádraig Uí Shiochrú, mac dearthár an tSeabhaic, atá sa bhfoilseachán seo.
Tá cur síos sa leabhar ar Thiarna Fionntrá agus a chuid, ar imeachtaí agus ar phearsana an Tí Mhóir agus an cheantair máguaird lena linn, chomh maith le léargas ar shaol eacnamaíochta, sóisialta is polaitiúil dúthaigh Duibhneach ag an am. Tá léargas ann ar an athrú teanga a tharla i gCorca Dhuibhne sa bhfichiú aois agus ar cad é a spreag an Seabhac féin chun tabhairt fé theagasc agus fé thimireacht na Gaeilge in Uíbh Ráthach agus é sna fichidí.
Beir mo Dhúthracht – Pádraig Ó Siochfhradha ‘An Seabhac’ in eagar ag Caitríona Ní Chathail.Costas: €15. 203 leathanach. www.oidhreacht.ie eolas@cfcd.ie 066 9156100

