Bíodh Splanc Acu!

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

MÓRLÉAMH SPLANCFHICSEAN

Is é is splancfhicsean ann ná stíl litríochta, ficsean fíorghonta. Níltear ar aon fhocal faoina fhad. Bíonn uasteorainn 300 focal ag margaí áirithe splancfhicsin agus tá dreamanna eile ar dóigh leo go mbeadh míle focal inghlactha. Gabhann fréamhacha an splancfhicsin siar go dtí fabhalscéalta Aesóip (agus seans go bhfuair seisean iad ó shaighdiúirí Alastair Mhóir a fuair san India iad) agus i measc lucht a chleachta sa domhan thiar tá Anton Chekhov, Franz Kafka, Ernest Hemingway, Ray Bradbury agus Kurt Vonnegut.

Seo sampla ó Ernest Hemingway: “Ar díol: bróga linbh. Níor caitheadh riamh iad.” Sin an méid!

Mar chuid de IMRAM 2015,  beidh mórléamh Dé Máirt 13 Deireadh Fómhair ag 6.00 in Books Upstairs, 17 Sráid D’Oilier, Baile Átha Cliath 2, ó mhórscríbhneoirí na Gaeilge a coimisiúnaíodh don fhéile agus d’eagrán speisialta d’iris Books Ireland.

Scéalta le Alan Titley, Caitríona Ní Chleirchín, Antain Mac Lochlainn, Orna Ní Choileáin agus Mícheál Ó Ruairc. 

Saorchead isteach

Éilís Ní Dhuibhne agus Alan Titley
Éilís Ní Dhuibhne agus Alan Titley

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books