Sheol Cathal Póirtéir Blúiríní, sraith drámaí mar áis ‘drámaíocht san oideachas’ do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, le Celia de Fréine agus Fidelma Ní Ghallchobair ar 16 Meán Fómhair, i bhForas na Gaeilge, Baile Átha Cliath.
Sé dhráma ghearra atá sa leabhar (€4), trí cinn an duine leis an mbeirt údar. Scríobhadh iad do mhic léinn mheánscoile, go háirithe iad siúd san Idirbhliain, ach d’fheilfidís don fhoghlaimeoir fásta chomh maith céanna. Gabhann sraith cleachtaí agus gluais le gach dráma. Áis ghníomhach agus idirghníomhach is ea na drámaí seo inar féidir leis an rang go léir páirt a ghlacadh – is drámaí iad le léamh sa rang, agus ansin le rólimirt ag na mic léinn duine ar dhuine nó ina ngrúpaí. Tabharfaidh na cleachtaí i ndeireadh gach dráma deis do na mic léinn taithí a fháil i réimsí éagsúla taighde agus cumarsáide, agus cuideoidh na gluaiseanna leo cur lena bhfocalstór agus idirdhealú idir leaganacha éagsúla. Ní gá réamheolas ná taithí ar aisteoireacht ná ar mhothúcháin a léiriú; ní theastaíonn ach dearcadh an charachtair a ghlacadh go simplí sa ról. Bunachar atá sna drámaí seo a chuirfidh na mic léinn ag smaoineamh, ag obair, ag fiosrú agus, thar aon ní eile, ag caint.

Tá cúlraí éagsúla drámaíochta agus oideachais ag an mbeirt údar. Is drámadóír aitheanta í Celia de Fréine a bhfuil idir dhrámaí Gaeilge agus dhrámaí Béarla scríofa agus foilsithe aici, agus duaiseanna Oireachtais do dhráma fada buaite aici roinnt uaireanta. Ba sciptscríbhneoir do Ros na Rún í tráth, agus scríobh sí leabhróg faoi Thomás an tSíoda ar iarratas ón gcumadóir ceoil, Fergus Johnston. Is comhbhunaitheoir Umbrella Theatre Company í, compántas ar minic leo drámaí dá cuid a léiriú. Chaith sí seal mar mhúinteoir litearthachta agus, sa chomhthéacs sin, scríobh sí Literacy, language, role-play (Foilsitheoirí Sarsfield, 1991) i gcomhar le Phyl Herbert, sraith drámaí gearra Béarla ar mhaithe leis an litearthacht a chur chun cinn.
Is fearr aithne ar Fhidelma Ní Ghallchobhair mar aisteoir agus mar léiritheoir drámaí leis an gcumann
seanbhunaithe amaitéarach i mBaile Átha Cliath, Aisteoirí Bulfin. Rinne sí cúpla gearrscéal a chóiriú mar dhrámaí cheana ach seo an chéad bhunsaothar drámaíochta léi. Baineann a cúlra oideachais le foilsitheoireacht oideachasúil, cuid mhaith, mar eagarthóir Gaeilge agus Béarla, agus mar chomhairleoir téarmaíochta. Déanann sí leabhair don aos óg a aistriú go Gaeilge freisin.
***
Rinne an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an tionscadal seo a mhaoiniú agus an leabhar a fhoilsiú. Gabhann muid buíochas le Foras na Gaeilge as an halla a chur ar fáil don seoladh.

