Ó Leathanach Bán go Leathanach Lán: Ceardlann Ficsin le Alex Hijmans
Uirlisí na ceirde a thabhairt dóibh siúd ar suim leo an phrós-scríbhneoireacht is cuspóir don diancheardlann lae seo. Ar aimsiú agus forbairt scéalta a dhíreofar ach go háirithe; pléifear próiseas na heagarthóireachta agus tabharfar léargas ar shaol an scríbhneora phroifisiúnta. Roinnfear cleachtais phraiticiúla leis na rannpháirtithe a spreagfaidh i mbun pinn iad agus a chuirfidh ar a gcumas cosán an scríbhneora a shiúl leo féin. Trí Ghaeilge a reachtáilfear an cheardlann.
10-30 go 4.30 ar an 16 Bealtaine in Áras Scríbneoirí na hÉireann, Cearnóg Pharnell, BÁC 1. Táille: €60
Tuilleadh eolais ar an gceardlann: http://irishwriterscentre.ie/collections/specialised/products/gaeilge-one-day-course-with-alex-hijmans
Tuilleadh eolais ar Alex: http://www.coislife.ie/udar/7/alex-hijmans

