Ceardlann Thrá Lí

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Meadowlands, Trá Lí, Luan Cásca, 6 Aibreán 2015

10.30a.m. – 5.00p.m.

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí san Óstán Meadowlands, Trá Lí, ar Luan Cásca, 6 Aibreán: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.

Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe beidh a líon teoranta do dheichniúr.Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 12.45p.m. san áireamh sa táille).

N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 26 Márta, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus iad a bheith léite roimhré ag gach duine.

Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & foilsitheoir,, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí príomhchúram na hócáide. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe araon.

Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí. R-phost:feasta@eircom.net

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books