Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge in Áras Scríbhneoirí na hÉireann Dé Máirt 6.30 – 8.30, 10 Feabhra 2015 go ceann 10 Seachtain ar chostas €10 (Urraithe ag Foras na Gaeilge)
Clúdóidh na ceardlanna na gnéithe seo de phrós-scríbhneoireacht na Gaeilge – plota, stíl, comhrá éifeachtach, coimhlint, teannas, struchtúir, cruthú carachtair agus conas aird an léitheora a ghreamú. Clúdófar freisin na bealaí is fearr chun gearrscéalta, úrscéalta agus na genre éagsúla eile a ullmhú le haghaidh foilsitheoireachta. Déanfar margadh na scríbhneoireachta Gaeilge a phlé go mion agus na deiseanna atá ann do scríbhneoirí.
Clúdóidh na ceardlanna gnéithe eile de phrós-scríbhneoireacht na Gaeilge freisin – an gearrscéal, an bheathaisnéis, an neamhfhicsean agus an leabhar taistil agus ní chuirfear ábhar filí ó dhoras ach an oiread!
Tá roinnt spásanna fós le líonadh ar na Ceardlanna Scríbhneoireachta Gaeilge seo agus moltar do scríbhneoirí clárú gan mhoill.
Tá clú agus cáil bainte amach ag rannpháirtithe ceardlainne de chuid Mhichíl Uí Ruairc cheana féin – leabhair curtha i gcló agus duaiseanna buaite acu. Cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothar curtha i gcló cheana acu agus roimh thosaitheoirí.
Bheadh an stiúrthóir ceardlainne, Mícheál Ó Ruairc, ag súil go mbeadh togra nó tionscadal éigin beartaithe ag na rannpháirtithe (saothar atá tosnaithe cheana féin nó saothar atá fós ar na bacáin nó go fiú smaoineamh maith gur fiú é a fhorbairt) agus go bhféadfaí an togra/tionscadal sin a thabhairt chun críche nó ar a laghad a fhorbairt go mór ó thús deireadh na tréimhse ceardlainne.

