Bain triail as cúrsa scríbhneoireachta cruthaitheach as Gaeilge an t-earrach seo in Áras Scríbhneoirí na hÉireann.
Táthar ag comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 i mbliana agus is maith agus is mithid go mbeadh ceardlann scríbhneoireachta Gaeilge ar siúl faoi urchar cloiche d’Ardoifig an Phoist.
Clúdóidh na ceardlanna na gnéithe seo de phrós-scríbhneoireacht na Gaeilge – plota, stíl, comhrá éifeachtach, coimhlint, teannas, struchtúir, cruthú carachtair agus conas aird an léitheora a ghreamú. Clúdófar freisin na bealaí is fearr chun gearrscéalta, úrscéalta agus na genre éagsúla eile a ullmhú le haghaidh foilsitheoireachta. Déanfar margadh na scríbhneoireachta Gaeilge a phlé go mion agus na deiseanna atá ann do scríbhneoirí.
Tá clú agus cáil bainte amach ag rannpháirtithe ceardlainne de chuid Mícheál Ó Ruairc cheana féin – leabhair curtha i gcló agus duaiseanna buaite acu. Cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothar curtha i gcló cheana acu agus roimh thosaitheoirí. 

Course: Ceardlanna Ficsin le Mícheál Ó Ruairc €100.00
Dé Máirt, 9 Feabhra – 6.30pm – 8.30pm – 10 Seachtain
Seiceáil an suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh sonraí: http://irishwriterscentre.ie/collections/specialised/products/ceardlanna-ficsin-le-micheal-o-ruairc-spring-2016