Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath
Má tacaíocht agus comhairle uait do do chuid scríbhneoireachta i nGaeilge, beidh fáilte romhat buaileadh isteach chuig grúpa nua atá ag teacht le chéile san Ardchathair.
Ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair bhí an chéad teacht le chéile ag Ciorcal Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, fóram nua a thabharfaidh deis do scríbhneoirí cruthaitheacha saothar nua a chur i láthair a chéile agus a phlé.
- Cé a bhíonn ann?Filí agus scríbhneoirí próis de gach cineál, cuid acu ar foilsíodh saothar leo cheana, cuid eile nár fhoilsigh aon rud go dtí seo.
- Cén modh oibre atá ann?Iarrtar ar údair cóipeanna clóite dá saothar a thabhairt leo le scaipeadh ar na rannpháirtithe eile. Beidh timpeall deich nóiméad ag gach duine dán nó sliocht a léamh os ard sula dtosóidh an plé. Conas a chuaigh sé i bhfeidhm ar na héisteoirí? An bhfuil moltaí ann chun feabhas a chur air?
- Cén áit?Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
Teagmháil: Antain Mac Lochlainn. 087 6448672 / antain@iol.ie má tá tuilleadh eolais uait faoi na cruinnithe eile den Chiorcal Scríbhneoirí amach anseo.

