• www.inkitt.com

Comórtas Amhrán Nua Pan Cheilteach 2016

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Seoladh an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-chumtha  2016 ag Oireachtas na Samhna a bhí ar siúl inOstán an Citywest an tseachtain seo caite. Bhí  na hamhránaithe aitheanta Aoife Scott agus Enda Reilly i láthair chun an t-amhrán “Do Mhúirnín Ó” a chanadh ag an seoladh. Tháinig an t-amhrán céanna sa dara háit dóibh ag comórtas na bliana 2012.

Is comórtas é seo chun an t-amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2016. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nuachumtha. Glacfar le gach saghas stíl idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, rac srl. Cuirfear fáilte roimh iarratais ar dhlúthdhiosca suas go 5.00i.n. ar an Aoine, 22ú Eanáir 2016.

Enda-Reilly-Album-Launch-by-Phil-LynchDéanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gComórtas Náisiúnta a reachtálfar ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 20ú Feabhra, 2016. ‘Sé Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil agus beidh moltóirí aitheanta i láthair. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.  Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas  agus beidh duais  €1,000 don bhuaiteoir chomh maith le ionadaíocht ar son na tíre ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na Féile Pan Cheilteach 2016. Beidh amhrán na hÉireann in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus An Bhriotáin chun an Corn Pan Cheilteach a bhuachaint.

Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin panceltic.ie . Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ghlór Cheatharlach ar 059 9158105, 087 2857048 nó 085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com

Is é an seoladh d’iarratais le dlúthdhioscaí faoi 22ú Eanair ná Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach.

Críoch:

Bríde de Róiste, Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2016, Glór Cheatharlach, Ceatharlach.

087 2857048 pancelticcarlow@gmail.com

  • www.designforwriters.com
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to