Tá dhá leabhar nuafhoilsithe a chuirfidh go mór le do chruinneas scríbhneoireachta agus is é Antain Mac Lochlainn an t-údar.
In Ord Is In Eagar, Cois Life, €18. Bog. 978-1-907494-44-4
Atheagrán méadaithe de leabhar tagartha agus saothair (Cois Life, 2009) a bhfuil an-tóir air i measc ábhar eagarthóirí, aistritheoirí agus scríbhneoirí de gach cineál. Nótaí agus gníomhaíochtaí cuimsitheacha ann faoi ghnéithe den chóipeagarthóireacht (e.g. gramadach, caighdeán agus canúint, poncaíocht), faoi chúrsaí stíle (an téacs a dhéanamh soléite, slachtmhar) agus faoin bpróiseas cóipeagarthóireachta (e.g. uirlisí leictreonacha agus ar-líne, seicliostaí).
San atheagrán seo, tá a lán cleachtaí nua, míniú ar phríomhghnéithe an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe, aonad ar conas seantéacsanna liteartha a chur in oiriúint do ghnásanna scríbhneoireachta na linne seo, aonad nua ar Fhriotal Soiléir Simplí, nó Plain Language agus ar na dúshláin a bhaineann le seánraí ar leith, e.g. téacsanna liteartha, ailt agus scripteanna nuachta.
Cruinneas, Cois Life, €15, bog.
‘Buiséad’ nó ‘cáinaisnéis’? ‘Bean dhubh’ nó ‘bean dubh’? Is iomaí sin cinneadh deacair a bhíonn le déanamh ag scríbhneoirí Gaeilge.
Is é atá in Cruinneas ná cnuasach aibítreach de na focail agus de na struchtúir ghramadaí is minice a bhaineann tuisle asainn: focail Ghaeilge a úsáidtear sa chiall mhícheart, coincheapa Béarla atá deacair a aistriú, lochtanna stíle, trasnáil ón mBéarla agus a lán eile.
Léirítear gach iontráil le samplaí den cheartúsáid agus den úsáid lochtach.
Antain Mac Lochlainn
Is scríbhneoir agus aistritheoir é Antain Mac Lochlainn arb as Contae Dhoire ó dhúchas dó ach atá anois ina chónaí i mBaile Átha Cliath.
Úrscéal gairid Gaeilge foilsithe aige (Ruball an Éin, Cló Iar-Chonnacht, 2000) chomh maith le gearrscéalta Béarla ar irisí mar WordLegs, Poetry Bus agus ar Dhuaiseanna Francis McManus RTÉ. Ar na haistriúcháin leis tá An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm, 2014) agus dhá leabhar sa tsraith Asterix Gallach (Dalen Books, 2014).
D’fhoilsigh Cois Life treoirleabhar leis faoi cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air (Cois Life, 2000), agus a leabhar nua, Cruinneas (Bealtaine 2015), cnuasach aibítreach de na focail agus de na struchtúir ghramadaí is minice a bhaineann tuisle asainn. Tá sé ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge,www.aistear.ie.


