• www.inkwellwriters.ie

Damhán Alla an Idirlín

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Suíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta eir Spiders 2015

 Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go bhfuil siopa idirlín an chomhlachta – www.cic.ie  – ar an ngearrliosta sa rannóg Gaeilge de ghradaim eir Spiders 2015. Is mór an t-údar áthais dúinn go bhfuil an t-ainmniúchán seo faighte agus muid ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana. Is cuid lárnach d’obair Chló Iar-Chonnacht forbairt leanúnach a dhéanamh ar an siopa idirlín agus ar an bhfreastal atá muid in ann a dhéanamh ar an bpobal trí úsáid a bhaint as an nuatheicneolaíocht ar bhealach éifeachtach.  

Tá cúig shuíomh ainmnithe ar an ngearrliosta sa rannóg Gaeilge do ghradam eir Spiders 2015. Is iad na suíomhanna atá ainmnithe ar an ngearrliosta ná: Tuairisc.ieTG4.ieNos.ie, Cló Iar-Chonnacht (www.cic.ie) agus Conradh na Gaeilge (www.cnag.ie). Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid ar an Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair in The DoubleTree by Hilton, Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath.

Is é www.cic.ie an t-aon suíomh idirlín Éireannach gur féidir ceol Gaelach agus leabhair Ghaeilge a íoslódáil uaidh. Tá fáil ar ríomhleabhair i nGaeilge agus ceol Gaelach i bhfoirm MP3 gur féidir a íoslódáil díreach ar do ríomhaire nó taibléid ón suíomh. Tá os cionn 3,000 táirge ar fáil ar www.cic.ie idir leabhair, dlúthdhioscaí, cluichí Gaelacha agus neart áiseanna do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí. Tá daoine in ann dearbháin bhronntanais a cheannach uainn anois agus iad a úsáid ar an suíomh idirlín.

Is féidir cuardach a dhéanamh ar www.cic.ie má tá dlúthdhiosca nó leabhar ar leith á chuartú agat. Mura bhfuil an táirge atá tú ag cuartú ar an suíomh is féidir teagmháil a dhéanamh linn agus déanfaidh muid iarracht teacht ar an táirge atá uait.

Tá rogha iontach leabhair agus áiseanna do dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge ar fáil ar www.cic.ie

Cuireann Cló Iar-Chonnacht rogha ar fáil do chustaiméirí tríd an suíomh idirlín d’ordú a fháil sa bpost nó é a bhailiú ón siopa atá ag Cló Iar-Chonnacht in Indreabhán, Conamara. 

 

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Save the Cat: The Only Book on Screenwriting You'll Ever Need
  • Now and Then by Mary O'Sullivan
  • Keep Your Eyes on Me by Sam Blake