DIABHLAÍOCHT DÉ

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

Ina leabhar nua, Diabhlaíocht Dé, cuireann Micheal Ó Conghaile scéalta buile, scéalta mire ar fáil dúinn, ina n-imríonn Dia cleasanna den uile chineál ar chine daonna nach bhfuil ach díreach tagtha ar an saol. Ach más le teann oilc nó mailíse nó spite eicínt é, is iad an cine daonna a bhíonn thíos leis. Scéalta iad seo a bhfuil blas an Bhíobla ar chuid acu agus a bhfuil aithne againn ar chuid de na carachtair cheana féin, leithéidí Lazarus agus Iúdás Iscariot. Carachtair eile, shílfeá gur ón mbéaloideas nó ón miotaseolaíocht nó ón Domhan Thoir féin a tháinig siad: ainmhithe a bhfuil bua na caint acu agus daoine a bhfuil ainmhithe mar thuismitheoir nó mar chéile acu. Sa chnuasach seo tá an meascán den draíocht agus den réaltacht is dual don Chonghaileach go rábach tríd sios. Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.diabhlaiocht-de

Beidh an t-údar ag léamh le fonn grinn óna shaoathar agus beidh Enda Reilly le fonn ceoil ag déanamh tionlacáin dó ar an ghiotár.

DÉ SATHAIRN 10 DEIREADH FÓMHAIR, Books Upstairs, 17 Sráid D’Olier, BÁC 1/17 D’Olier Street, Dublin 1. Cead isteach/admission: €5

 

 

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books