• www.inkitt.com

Fad Saoil

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Fad Saoil – Cnuasach filíochta Joe Steve Ó Neachtain

Tugann na dánta seo léargas ar shlí bheatha mhuintir an scríbhneora. Pléann na dánta gnéithe éagsúla de shaol an phobail agus dearca an fhile ar eachtraí móra agus beaga a shaol go dtí seo.

Mar a chuir Joe Steve fhéin é, “le linn deireadh an chogaidh i 1942 a rugadh mé, ar bhaile beag na Crí Duibhe, timpeall ceathrú mile taobh thiar den Spidéal i gConamara. Bhí sé d’ádh nó b’fhéidir de mhí-adh orm nár shloig an imirce mé. Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin.FC_Fad Saoil2

I bhfoirm sraith dánta atá iarracht déanta agam léargas beag a thabhairt ar shlí bheatha mo mhuintire. Dán in aghaidh gach bliain de mo shaol a bhí mar sprioc agam: sin seachtú is a trí ag an tráth seo, ach ar ndóigh dá bhfaighinn aois Mhathúsalach níor leor é le cur síos a dhéanamh ar gach eachtra dár bhain gol is gaire asam ó caitheadh ar an sop mé.”

Fad Saoil, Cnuasach filíochta Joe Steve Ó Neachtain 

Cló Iar-Chonnacht,184 lch, Bog, €10  ISBN: 978-1-78444-137-1

  • allianceindependentauthors.org
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to