• www.inkitt.com

Fileann an File

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Beidh Diarmuid Johnson ar ais in Éirinn le haghaidh oíche fhilíochta (3 Nollaig)le Ó Bhéal, thuas staighre sa Hayloft Bar, os cionn an Long Valley, ionad rialta filíochta i gCorcaigh. Mar chuid de na hoícheanta filíochta sin cuireann Ó Bhéal filíocht na Gaeilge chun cinn le cuidiú ó Fhoras na Gaeilge. Ta cúpla oíche do phobal na Gaeilge go luath. Is é an file siúlach ilteangach sin Diarmuid Johnson a bheidh i mbun filíochta agus ceoil.

Rugadh Diarmuid Johnson sa mBreatain Bheag, agus tógadh i nGaillimh é, áit ar bhain sé céim amach sna teangacha Ceilteacha sna hochtóidí. Tá blianta go leor caite aige siúlach san Eoraip ó shin, ag scríobh, ag teagasc agus ag casadh ceoil. Scríobhann sé filíocht i nGaeilge agus i mBéarla, agus sé leabhar próis aige sa mBreatnais. Tá Diarmuid lonnaithe láimh le hAberystwyth sa mBreatain Bheag le deich mbliana anuas, ach is é saol an spailpín is ansa leis, agus i láthair na huaire, tar éis dó tréimhse a chaitheamh sa bPolainn, tá sé ina léachtóir in ollscoil Bonn sa nGearmáin.

Léifidh sé dánta dúinn anocht a foilsíodh i Súil Saoir (CIC, 2004), agus sna cnuasaigh ilteangacha Another Language (2009) agus A Young Sun (2011), mar aon le saothar eile, idir Ghaeilge agus Bhéarla, atá ar na bacáin aige faoi láthair. Bígí ag súil le port ceoil chomh maith. Bíonn fliúit sa mála ag Diarmuid cuma cá dtéann sé.

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to