Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2015
Beidh an ceathrú comhdháil is fiche ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar an Aoine agus ar an Satharn 9-10 Deireadh Fómhair, 2015. Tugtar cuireadh do scoláirí achoimre 200 focal ar pháipéir (20 nóiméad) nó ar phainéil (3 cainteoirí) aon ábhar a bhaineann le litríocht agus le cultúr na Gaeilge a chur ar aghaidh.
Beidh fáilte ar leith roimh pháipéir ar na téamaí seo a leanas:
- Litríocht na Gaeilge agus litríocht na hEorpa
- An scoláireacht thrasnáisiúnta
- An t-aistriúchán liteartha
- Spriocdháta: 1 Bealtaine 2015
Moltar d’iarrthóirí a gcuid achoimrí a chur isteach a luaithe agus is féidir.
Seoladh comhfhreagrais:comhdhailnagaillimhe@gmail.com

